Plátaí cláraithe feithiclí i nGàidhlig á gcur ar fáil i Nova Scotia den chéad uair riamh

Tá plátaí clárúcháin cairr Gàidhlig á gcur ar fáil in Albain Nua, Ceanada, agus iarrachtaí á ndéanamh an teanga a chur chun cinn

Plátaí cláraithe feithiclí i nGàidhlig á gcur ar fáil i Nova Scotia den chéad uair riamh

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá plátaí cláraithe Gàidhlig á dtabhairt isteach in Halifax in Albain Nua den chéad uair riamh, agus é mar aidhm ag na húdaráis áitiúla an teanga a threisiú i measc an phobail sa chúige.

D’fhógair an tAire Gnóthaí Gàidhlig, Randy Delorey, go mbeadh na plátaí nua Gàidhlig ar fáil i gcathair Halifax go luath, agus é i láthair ag searmanas de chuid ‘Mí na Gàidhlig i Nova Scotia’, féile bhliantúil a dhéanann ceiliúradh ar an teanga.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Delorey go dtabharfadh an pláta Gàidhlig deis do dhaoine nasc a dhéanamh “lena dteanga, lena n-oidhreacht agus lena gcultúr” agus go raibh sé ag súil go rachadh sé i bhfeidhm “ar an chéad ghlúin eile” de Ghaeil na hAlban Nua.

Beidh ‘Alba Nuad’, ainm an chúige i nGàidhlig, le feiceáil ar na plátaí cláraithe feithiclí nua a bheas ar díol roimh dheireadh na míosa seo.

Thug an tAire Gnóthaí Gàidhlig le fios go dtabharfaí an teacht isteach ó na plátaí nua d’eagraíochtaí a bhíonn ag obair chun an Ghàidhlig  a chur chun tosaigh.

Dúirt Uachtarán Chomhairle Gàidhlig na hAlban Nua, David Rankin, go raibh an pláta Gàidhlig á thabhairt isteach mar chuid d’iarrachtaí na n-údarás feasacht a ardú faoin teanga agus cur le líon na gcainteoirí Gàidhlig sa chúige.

“Is de shliocht na nGael an tríú cuid de mhuintir na hAlban Nua agus tá go leor daoine ar mian leo foghlaim faoina gcultúr,” a dúirt Rankin.

Tá comharthaíocht bhóthair Gàidhlig le feiceáil in oirthear an chúige agus tá scéimeanna meantóireachta agus tumoideachais i measc na n-iarrachtaí eile atá ar bun ag na húdaráis i dtaobh na Gàidhlig.

Meastar go bhfuil cumas éigin sa Ghàidhlig ag 2,000 in Albain Nua agus tá 1,200 acu siúd ag foghlaim na teanga sa chóras oideachais.

Tá ráite ar shuíomh na Roinne Gnóthaí Gàidhlig gur fiú $23 milliún an Ghàidhlig agus imeachtaí eile a bhaineann le cultúr na nGael don eacnamaíocht áitiúil.

Cé go bhfuil éileamh déanta go minic ar a leithéid de phlátaí sa tír seo, thug an tAire Airgeadais Paschal Donohoe le fios sa Dáil níos túisce i mbliana nach bhfuil sé i gceist athrú a dhéanamh ar an reachtaíocht chun go mbeadh cead ‘ÉIRE’, nó ‘ÉIR’ a chur ar phlátaí feithiclí a gcláraítear in Éirinn iad.

“Níl aon fhoráil sa reachtaíocht le go gcuirfí an focal “Éire” ná leaganacha eile in áit na litreacha ‘IRL’, agus níl aon phleananna ann aon athruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht, a dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe.

Bhunaigh an craoltóir aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Máirtín Tom Sheáinín feachtas roinnt blianta ó shin inar cuireadh greamáin ‘Eir’ os cionn siombail ‘IRL’ ar fheithiclí.

Fág freagra ar 'Plátaí cláraithe feithiclí i nGàidhlig á gcur ar fáil i Nova Scotia den chéad uair riamh'