‘Teip’ san NCT do charr le ‘Éire’ seachas ‘IRL’ pléite sa Dáil

Cheistigh Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, an tAire Airgeadais Paschal Donohoe faoi cheist na Gaeilge agus plátaí cláraithe feithiclí in Éirinn

‘Teip’ san NCT do charr le ‘Éire’ seachas ‘IRL’ pléite sa Dáil

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Ní sé i gceist ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe athrú a dhéanamh ar an reachtaíocht chun go mbeadh cead ‘ÉIRE’, nó ‘ÉIR’ a chur ar phlátaí feithiclí a gcláraítear in Éirinn iad.

Ba é ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin a tharraing aird ar cheist na bplátaí agus a cheistigh an tAire faoi chás inar tugadh teip sa Tástáil Náisiúnta Carranna do dhuine a raibh ‘ÉIRE’ ar a phláta cláraithe aige.

Liostaigh an tAire Iompair ina fhreagra na píosaí reachtaíochta éagsúla a bhaineann le comhdhéanamh plátaí cláraithe ar fheithiclí agus a chuireann cosc ar litreacha eile seachas ‘IRL’ ar phlátaí cláraithe.

Dúirt an tAire gur i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Thrácht ar Bhóithre (Geneva, 1949) a socraíodh ar dtús gur ‘IRL’ a bheadh ar phlátaí cláraithe agus gur daingníodh sa reachtaíocht ina dhiaidh sin gurb ‘IRL’ “an tsiombail náisiúnta aontaithe” le haghaidh feithiclí atá cláraithe in Éirinn.

Dúirt an tAire Donohoe gur trí litir ar a mhéid atá ceadaithe faoi rialacha an AE chun a léiriú cén ballstát ina bhfuil feithicil cláraithe.

Bhunaigh an craoltóir aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Máirtín Tom Sheáinín feachtas roinnt blianta ó shin inar cuireadh greamáin ‘Eir’ os cionn siombail ‘IRL’ ar fheithiclí.

De réir threoirleabhar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faoin Tástáil Náisiúnta Carranna, teip atá i ndán d’aon fheithicil a bhfuil “marcanna, seachas iad siúd atá forordaithe” ar a pláta cláraithe. 

“Ós rud é gurb é IRL an teideal forordaithe le haghaidh tír chláraithe feithiclí a cláraíodh in Éirinn, tionscnófar teip má fhágtar as an áireamh é, agus/nó má chuirtear leagan malartach ina áit.

“Níl aon fhoráil sa reachtaíocht le go gcuirfí an focal “Éire” ná leaganacha eile in áit na litreacha ‘IRL’, agus níl aon phleananna ann aon athruithe a dhéanamh ar an reachtaíocht, a dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe.

Fág freagra ar '‘Teip’ san NCT do charr le ‘Éire’ seachas ‘IRL’ pléite sa Dáil'