Planda contúirteach ag scaipeadh i dTír Chonaill

Tá an planda ar a dtugtar an gunnaire chomh mór sin go dtachtann sé plandaí dúchasacha sa ghnáthóga agus is cúis imní go bhfuil sé ag scaipeadh

gunnera tinctoria

Tá Ollamh ollscoile ag lorg cúnamh an phobail le dul i ngleic le speicis chontúirteacha de phlanda ar a dtugtar an gunnaire a bhfuil samplaí de faighte i nGleann Cholm Cille i dTír Chonaill.

Meastar an gunnaire a bheith ar cheann de na speicis choimthíocha ionracha (invasive alien species) is measa in Éirinn.

Is é An tSile, Meiriceá Theas an áit dúchasach don ghunnaire (gunnera tinctoria – giant rhubarb) ach tá sé le fáil in Éirinn ó 1939, ar a laghad, nuair a chonaic an luibheolaí Robert Praeger an planda anseo.

Gunnaire ag Mín na Croise, Gleann Cholm Cille le Tony Birtill
Gunnaire ag Mín na Croise, Gleann Cholm Cille le Tony Birtill

Planda ornáideach garraí a bhí ann ar dtús, ach scaip sé agus anois is fadhb mhór é in iarthar na tíre, go mór mór in Acaill agus i gConamara. Cé go bhfuil sé le fáil san oirthear, ní ‘speicis ionracha’ ansin é go fóill, de réir Gharraithe Náisiúnta na Lus. (www.botanicgardens.ie/gspc/targets/news/gunnera)

Tá an gunnaire chomh mór sin go dtachtann sé plandaí dúchasacha sa ghnáthóga. Mar sin, tá saineolaí ag baint triail as nimheanna éagsúla ar nós RoundUp (glyphosate) agus Garlon (triclopyr) i nDumha Éige, Acaill, an áit is measa a bhfuil an planda le súil le fáil réidh leis.

Cé go raibh an gunnaire feicthe in aice leis an Charraig, Gleann Cholm Cille i 1989, is cúis imní sa pharóiste go bhfuil sé ag fás i Mín na Croise anois fosta. Tá an planda níos mó ná trí mhéadar ar airde in aice leis an tseanscoil náisiúnta ansin.

Tá speicis choimthíocha ionracha eile, Glúineach Bhiorach (Japanese Knot Weed), ina fhadhb mhór i nGleann Cholm Cille le cúpla bliain anuas fosta.

Tá an tOllamh Bruce Osborne ón Choláiste Ollscoile, BÁC, ag stiúradh taighde ar an ghunnaire sa tír seo agus ag lorg eolais ón phobal. Mar sin, mé fheiceann duine ar bith an gunnaire ag fás, ba cheart grianghraf agus sonraí a chur chuige ag an seoladh Bruce.osborne@ucd.ie

Fág freagra ar 'Planda contúirteach ag scaipeadh i dTír Chonaill'

  • Eithne Ui Gallachoir

    Fadhb eile ná an ‘rhodedenron’ corcra – ag spreadadh go forleathan fud fad na gceantracha tuaithe go speisialta i dTír Chonaill agus Maigh Eo ach, cén fath a mbeadh iontas ann nuair atáthar ag cur mar ‘fál’ thart ar thithe,srl. Ní thig an planda seo a smachtú. Tá gá le polasaí cosanta a bheith ann ó thaobh á chur agus ní mór do polasaí agus scéim tuaithe a bheith in áit lena stoiteadh/ nimhiú amach – rud a chuirfeadh le cothú timpeallachta, le fostaíocht tuaithe agus le maisiú Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá na mílte agus na mílte caite air seo i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus Mhucrois.