Pionós níos déine á lorg d’fhear as Dún na nGall a ciontaíodh i dtiomáint chontúirteach

Dáta socraithe d’achomharc ar an phianbhreith a gearradh ar Shaun Kelly a phléadáil ciontach as tiomáint chontúirteach a raibh bás ochtar fear mar thoradh uirthi

0009442f-642
Shaun Kelly as Baile Mhic Cionaith, Bun Cranncha

Sa Chúirt Achomhairc Choiriúil inniu rinneadh dáta a shocrú d’achomharc ar an bpianbhreith a gearradh ar fhear óg as Dún na nGall, Shaun Kelly, a ciontaíodh i dtiomáint chontúirteach sa timpiste bhóthair is measa riamh sa tír.

Rinne Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí iarratas inniu ar fhad a chur leis an bpianbhreith a gearradh ar Kelly, pianbhreith a bhí, dar leis, ró-bhog.

I mí na Nollag anuraidh gearradh téarma phríosúin ceithre bliana ar Shaun Kelly, as Baile Mhic Cionaith, Bun Cranncha, a phléadáil ciontach as tiomáint chontúirteach a raibh bás ochtar fear mar thoradh uirthi.

Tharla an eachtra idir Cluain Maine agus Bun Cranncha i mí Iúil 2010, nuair a bhuail an carr a bhí á thiomáint ag Kelly, ina raibh seachtar eile ag taisteal, in éadan cairr a bhí á thiomáint ag pinsinéar, a bhí ag filleadh ó chluiche Bingo.

Gortaíodh go dona Kelly, a bhí ina thiománaí leoraí, sa timpiste bóthair ba mheasa sa tír ó tosaíodh ar thaifid a choinneáil. Is é an Breitheamh John O’Hagan a ghearr an phianbhreith ar Kelly, i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn, i ndiaidh ráitis a chluinstin ó theaghlaigh na marbh.

Cuireadh cosc ar Kelly tiomáint go ceann 10 mbliana chomh maith.

Rinne an Giústis George Bingham an t-achomharc a liostáil le héisteacht ar an 22 Deireadh Fómhair.

Ní raibh Shaun Kelly féin sa chúirt inniu.