Pictiúir le Jack B Yeats de shaor bád as Carna gan díol ag ceant, ach ‘loch’ i gCorca Dhuibhne le Paul Henry ceannaithe

Bhíothas ag súil le idir €70,000 agus €100,000 mar bhunphraghas ar The Boat Builder le Yeats agus le idir €65,000 agus €80,000 ar shaothar Paul Henry

Pictiúir le Jack B Yeats de shaor bád as Carna gan díol ag ceant, ach ‘loch’ i gCorca Dhuibhne le Paul Henry ceannaithe

Díoladh pictiúr a rinne an t-ealaíontóir Feirsteach Paul Henry de loch i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar €65,000 ag ceant a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath aréir. Níor díoladh ag an gceant céanna de chuid Adam’s pictiúr le Jack B Yeats de shaor bád as Carna i gConamara.

Níor díoladh ach oiread saothar le James Dixon, an t-ealaíontóir Gaeltachta as Toraigh ag an gceant.

Bhíothas ag súil le idir €70,000 agus €100,000 mar bhunphraghas ar The Boat Builder le Yeats agus le idir €65,000 agus €80,000 ar shaothar Paul Henry. Bhíothas ag súil le idir €2,500 agus €3,000 ar an bpictiúr Figures With Flags a rinne Dixon i 1966.

Díoladh an pictiúr a rinne an t-ealaíontóir Feirsteach Paul Henry de loch i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar €65,000. Bhíothas ag súil le suas le €80,000 ar A Kerry Lake, Dingle Peninsula.

Díoladh chomh maith, ar €2,500, saothar leis an ealaíontóir Charles Lamb ina bhfuil radharc de chósta Chonamara – ‘Coastal Landscape – Carraroe’.

Is i seilbh Rí Thoraí, Patsy Dan Mac Ruairí, atá saothar James Dixon. Níl a fhios ag Mac Ruairí, ná ag duine ar bith eile a raibh aithne aige ar an ealaíontóir, cé hiad na daoine atá le feiceáil ssa phictiúr. Meastar gur íomhá ó óige Dixon, a chaith a shaol i dToraigh, atá i Figures With Flags.

Sa phictiúr le Jack Butler Yeats tá bean agus fear as Conamara le feiceáil agus iad ag breathnú ar bheirt saor bád i mbun a gceirde ar chladach Chonamara. Rinneadh an saothar i 1923 ach tá sé bunaithe ar sceitse a rinne an t-ealaíontóir i gCarna fiche bliain roimhe sin.

Tháinig Jack B Yeats agus J M Synge go hiarthar na hÉireann i dtús an tsamhraidh sa bhliain 1905 agus iad fostaithe ag an Guardian chun sraith alt agus pictiúr a sholáthar don nuachtán sin faoi shaol mhuintir Chonamara agus faoi obair Bhord na gCeantar Cúng a bhí ag fóirithint ar an bpobal sin ag an am. I measc na n-áiteanna ar a dtugadar cuairt, bhí An Spidéal, An Cheathrú Rua, ceantar na nOileán agus Carna. Le linn na cuairte ar Chonamara, dhein Yeats sceitsí de dhaoine a casadh orthu agus de thírdhreach an cheantair agus foilsíodh i dteannta a shaothair tráchtaireacht ó Synge ar a dturas.

Díoladh pictiúr ‘Gaeltachta’ eile a rinne Yeats dar teideal ‘The Boat Builder’ ag ceant de chuid Christie’s i Londain in 2015. €600,000 a íocadh ar an saothar sin, ar pictiúr de shaor bád as Carna freisin é. Bhí na ceantálaithe ag súil le idir £300,000 agus £500,000 ar an saothar ach £422,500 (€600,000) a fuarthas sa deireadh air.

Fág freagra ar 'Pictiúir le Jack B Yeats de shaor bád as Carna gan díol ag ceant, ach ‘loch’ i gCorca Dhuibhne le Paul Henry ceannaithe'