‘Peil na mBan’ curtha in áit ‘Ladies Gaelic Football’ ar lógó Chumann Pheil na mBan

Chomh maith lena lógó nua Gaeilge, tá cuireadh á thabhairt ag Cumann Pheil na mBan d’fhoirne Gaeltachta teacht go dtí Páirc an Chrócaigh mí Aibreán do lá speisialta atá á reáchtáil acu do Bhliain na Gaeilge

‘Peil na mBan’ curtha in áit ‘Ladies Gaelic Football’ ar lógó Chumann Pheil na mBan

Beidh ‘Peil na mBan’ le feiceáil ar gheansaithe peile fhoirne na mban agus lógó nua coimisiúnaithe ag Cumann Pheil na mBan. ‘Ladies Gaelic Football’ a bhíodh scríofa ar an lógó, faoi anagram an LGFA, ach tá sé sin sin anois aistrithe go Gaeilge mar chuid de chlár an chumainn do Bhliain na Gaeilge.

Fógraíodh an t-athrú agus sceideal craolta chluichí an tsamhraidh á sheoladh ag TG4 tráthnóna.

Tá sé fógartha chomh maith ag Cumann Pheil na mBan go mbeidh lá acu i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo chugainn do chumainn Ghaeltachta.

Beidh cuid d’imreoirí mór le rá Pheil na mBan i láthair ar an 2 Aibreán don Lá Náisiúnta Blitz na gClubanna Gaeltachta 2018 agus deis á tabhairt do chailíní Faoi-12 na Gaeltachta teacht le chéile i bPáirc an Chrócaigh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chumann Pheil na mBan, Helen O’Rourke, go bhfuil siad thar a bheith sásta a leithéid d’ócáid a chur ar bun.

“Tá mé ag súil leis an lá gníomhaíochta i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo chugainn, ócáid faoi leith a dhéanfaidh ceiliúradh ar ár dteanga náisiúnta trí mheán an chluiche a bhfuil gean ár gcroí againn air.”

Fógraíodh go bhfuil leagan Gaeilge de Threoirleabhar Oifigiúil an LGFA curtha ar fáil ag an gcumann anois chomh maith.

Mar chuid de sceideal an tsamhraidh, craolfaidh TG4 19 gcluiche ó chraobhchomórtas na sinsear agus ón gcraobhchomórtas idirmheánach, ag tosú ar an Satharn an 19 Iúil agus ag críochnú le Cluiche Ceannais na hÉireann, Dé Domhnaigh, an 16 Meán Fómhair.

Dúirt O’Rourke go raibh sé an-deacair an spás cuí a fháil do chluichí na mban mar gheall ar struchtúr nua an tséasúir CLG agus teacht ‘Super 8s’ na bhfear mí Iúil agus mí Lúnasa.

“De bharr sceideal nua cluichí CLG bhí muid srianta go mór agus bhí orainn oibriú go dian chun teacht ar amanna craolta i gcomhpháirt le TG4, urraitheoirí an chraobhchomórtais.

“Tá muid ar bís, áfach, faoi Bhliain na Gaeilge agus tá an ceiliúradh leanúnach a bhaineann léi thar a bheith tábhachtach dúinn.”

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont go raibh “ríméad” ar TG4 go bhfuil an LGFA “ag ardú phróifíl na Gaeilge ar fud an chumainn”.

“Tá TG4 iontach bródúil go bhfuil muid ábalta an t-aitheantas is dual di a thabhairt do Pheil na mBan agus sin á dhéanamh againn mar chuid dár gcomhpháirtíocht rathúil leis an LGFA agus Lidl.

“Chuidigh an feachtas #properfan le borradh mór a chur sa tsuim atá ag daoine sna cluichí agus tharraing sárchaighdeán chraobhchomórtais na bliana seo caite aird ar spóirt na mban trí chéile ar fud na hÉireann.”

Fág freagra ar '‘Peil na mBan’ curtha in áit ‘Ladies Gaelic Football’ ar lógó Chumann Pheil na mBan'

  • Con

    focal nua ag teastáil – ‘anagram’ (vs ‘acrainm’)