Tá na socruithe déanta do chluichí móra Ghaoth Dobhair agus An Spidéil an deireadh seachtaine seo agus na foirne ag dul chun páirce i gcraobhacha a gcúigí.
Is ar Pháirc Uí Éilí ar an Ómaigh a bheidh Gaoth Dobhair an Domhnach beag seo agus aghaidh á tabhairt acu ar bhoic mhóra Ard Mhacha, Raonaithe na Croise, i gcluiche leathcheannais Uladh.
Aon uair déag atá Craobh Uladh tugtha leo ag Raonaithe na Croise agus tá Gaoth Dobhair sa tóir ar Chorn Shéamais Mhic Mhearáin den chéad uair riamh. Fuair fir Mhachaire Gathlán an ceann is fearr ar churaidh Aontroma, an Carraigín, sa bhabhta ceathrú ceannais ach buaileadh buille orthu sa chluiche sin agus tá drochghortú glúine ag cur as do Kieran Gillespie.
Beidh an cluiche idir Gaoth Dobhair agus Raonaithe na Croise ar siúl ag 3.30pm Dé Domhnaigh agus beidh sé á chraoladh beo ar TG4 chomh maith.
Imreofar an cluiche leathcheannais eile i gCraobh Uladh, idir seaimpíní Dhoire, Eoghan Rua, agus curaidh Mhuineacháin, Baile an Scotaigh, ag 1.30pm, roimh chluiche Ghaoth Dobhair.
Imreoidh an Spidéal i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Chonnacht an lá céanna. Bhuaigh fir Chois Fharraige ar Bhéal an Mhuirthead sa chluiche leathcheannais i dTuaim Dé Sathairn seo caite agus beidh siad ar ais i bPáirc Naomh Iarlaith an Domhnach beag seo agus iad ag imirt i gcoinne churaidh Ros Comáin, Fíorta, ag 1.30pm.
Beidh foireann Ghaeltachta eile ag imirt i gcluiche ceannais Chonnacht Dé Sathairn agus Naomh Pádraig, an Fhairche, ag casadh ar fhir Shligigh, Iascaigh, sa Chraobh Shóisir. Imreofar an cluiche sin in Inis Crabhann Dé Sathairn ag 1.30pm.
Dé Sathairn, 17 Samhain
Cluiche ceannais Chraobh Shóisir Peile Chonnacht
Naomh Pádraig, An Fhairche v Iascaigh – Inis Crabhann, 1.30pm
Dé Domhnaigh, 18 Samhain
Cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile Chonnacht
An Spidéal v Fíorta – Páirc Naomh Iarlaith, Tuaim, 1.30pm
Cluiche leathcheannais Chraobh Shinsir Peile Uladh
Gaoth Dobhair v Raonaithe na Croise – Páirc Uí Éilí, an Ómaigh, 3.30pm
Fág freagra ar 'PEIL NA GAELTACHTA: Na socruithe déanta do chluichí móra Ghaoth Dobhair agus an Spidéil'