Pas Éireannach diúltaithe do leanbh de shliocht na Gaeltachta a rugadh trí IVF

Dhiúltaigh Oifig na bPasanna d’iarratas ó bhean Ghaeltachta ar phas dá mac a rugadh trí IVF ar an gcúis nach saoránach Éireannach é

Pas Éireannach diúltaithe do leanbh de shliocht na Gaeltachta a rugadh trí IVF

Dhiúltaigh Oifig na bPasanna d’iarratas ó bhean Ghaeltachta ar phas dá mac a rugadh trí IVF ar an gcúis nach saoránach Éireannach é

Tá diúltaithe ag Oifig na bPasanna d’iarratas ó bhean Ghaeltachta ar phas dá mac a rugadh trí IVF ar an gcúis nach saoránach Éireannach é de réir dlí.

Tá Kate Gallagher, as Gaoth Dobhair, pósta leis an Sasanach Holly Groomsbridge, agus rugadh mac don lánúin anuraidh trí IVF.

Dúradh i litir a seoladh chuig Gallagher nach bhféadfaí pas na hÉireann a eisiúint dá mac toisc nach ise ‘máthair’ ná ‘athair’ an linbh. Maíodh nach n-aithnítear, de réir an Achta Saoránachta 1956, mar mháthair ach an bhean a saolaítear leanbh di nó an bhean a uchtaíonn leanbh.

Is í Holly Groomsbridge atá luaite mar ‘mháthair’ an linbh ar a theastas breithe agus tá Kate Gallagher luaite mar ‘thuismitheoir’. Ní saoránach de chuid na tíre seo í Groomsbridge agus fágann sé sin nach saoránach de chuid na tíre é a mac ach an oiread.

Deir Kate Gallagher nach féidir léi a mac a thabhairt abhaile “faoi bhrat na hÉireann” le casadh lena mhuintir, atá ina gcónaí i gCill Dhéagláin i gContae na Mí.

Ag labhairt di ar Highland Radio i dTír Chonaill an tseachtain seo, dúirt Gallagher nach gceapann sí gur gá di dlíodóir a fháil agus an cás a thabhairt chun na cúirte ach go dteastaíonn uaithi an fhadhb a thabhairt chun solais. Dúirt sí nach ar lánúin chomhghnéis amháin a bhíonn tionchar ag an Acht Saoránach i gcásanna mar seo ach lánúin ar bith a d’úsáid máthair ionaid ó thír eile.

Fág freagra ar 'Pas Éireannach diúltaithe do leanbh de shliocht na Gaeltachta a rugadh trí IVF'