Páistí gan chosaint ó pharaimíleataigh, Coimisinéir na nÓg ag éileamh gnímh 

Níl figiúr ar bith ar fáil don líon páistí a bhfuil coirpigh, paraimíleataigh san áireamh, ag déanamh imeaglú agus dúshaothrú orthu

Páistí gan chosaint ó pharaimíleataigh, Coimisinéir na nÓg ag éileamh gnímh 

Tá teachtaireacht lom tugtha do Stormont ag Coimisinéir na nÓg: “Níl dóthain á dhéanamh chun páistí agus daoine óga a chosaint ó mhí-úsáid na bparaimíleatach agus na gcoirpeach”. 

Faillí agus sárú ar chearta an pháiste is ea córas cosanta easnamhach. Músclaíonn sé ceisteanna faoi phóilíneacht, feidhmiú an dlí, sláinte is leas sóisialach agus deiseanna oideachais is eacnamaíochta. 

Tá a fhios ag an saol go mbaineann coirpigh ar nós mangairí drugaí mí-úsáid as páistí i gceantair bhochta chun a gcuid earraí lofa a dháileadh nó teachtaireachtaí imeaglaithe a iompar. Paraimíleataigh iad cuid de na dronga sin. Tá a fhios freisin go ngríosaíonn paraimíleataigh daoine óga chun círéibe; rinne easaontóirí poblachtacha é i nDoire cúpla samhradh ó shin agus rinne dílseoirí é i mBéal Feirste i mbliana. Is é a thoradh sin go minic go mbíonn taifead coiriúil ag daoine óga gur beag seans a bheidh acu a theacht slán uaidh.

Deir Koulla Yiasouma, Coimisinéir Thuaisceart Éireann um Leanaí agus Daoine Óga, gurb é sin an chuid is lú den scéal. Sa tuarascáil a d’eisigh sí cúpla lá ó shin dúirt an Coimisinéir go raibh tionchar tromchúiseach ag an dúshaothrú a dhéanann daoine a ghlaonn paraimíleataigh orthu féin agus dronga coirpeach ar an óige. Deir sí gur annamh a chloistear faoin réimse fairsing dochair a dhéantar do pháistí agus daoine óga sa ghnáthshaol laethúil.

Ina liosta den drochíde a thugtar don óige bhí bagairt go marófaí iad mura bhfágfadh siad ceantar, nó mura ngéillfeadh siad do ‘iarratais’ áirithe. Bíonn a sábháilteacht i mbaol freisin de bharr fiacha as drugaí nó brú chun drugaí a dháileadh agus a sheachadadh. Cuirtear iachall orthu imeaglú a dhéanamh ar dhaoine eile nó dochar a dhéanamh dóibh. Chomh maith le léirsiú agus círéibeacha, déanann paraimíleataigh nó dronga coirpeach earcaíocht orthu – faoi éigean.

Caithfear iad sin go léir a aithint mar mhí-úsáid agus dúshaothrú ar pháistí agus ar dhaoine óga agus caithfidh an córas cosanta a dhul i ngleic leo, a dúirt an Coimisinéir sa tuairisc a tugadh don bhFeidhmeannas in Stormont, do na hAirí Sláinte agus Cirt agus do na háisíneachtaí cuí ag deireadh na míosa seo caite. Teastaíonn obair uileghabhálach uaithi faoi phráinn. Is féidir Exploitation”, a aimsiú anseo. 

Tá dualgas ar na húdaráis faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Pháiste féachaint chuige go bhfuil an córas in inmhe an óige a chosaint ó mhí-úsáid agus díobháil. Mhol an Coimisinéir cuid den obair chosanta a dhéantar, ról na n-eagraíochtaí pobail agus deonacha, an tÚdarás Oideachais agus an PSNI. 

Cheistigh sí, áfach, cé chomh héifeachtach is atá an chreatlach chosanta dóibh sin a thiteann faoi ansmacht na gcoirpeach. Ba cheart don Roinn Sláinte agus don Roinn Cirt gníomhú chun tuiscint níos fearr a chothú ar an bhfadhb, tacaíocht a sholáthar do theaghlaigh, a bheith in ann freagairt don riachtanas cosanta gan mhoill agus a chinntiú go bhfiosrófaí lucht na mí-úsáide, go gcúiseofar agus más ceart go gciontófar iad.

Tá ciall leis na moltaí sin ar fad gan dabht ach níl a fhios ag éinne go beacht cén líon daoine óga atá i gceist. Ní hionann na daoine óga seo go hiondúil agus na páistí atá ar an gclár oifigiúil um chosaint leanaí – os cionn 2,000 san earrach i mbliana. Tá a fhios go raibh méadú ollmhór le linn na dianghlasála ar líon na bpáistí a bhí ag glaoch ar línte cabhrach mar gheall ar fhoréigean baile. Tá teacht ar staidreamh éigin maidir leis an scéal sin agus tá méid áirithe oibre ar siúl chun tabhairt faoi. 

Níl figiúr ar bith ar fáil don líon páistí a bhfuil coirpigh, paraimíleataigh san áireamh, ag déanamh imeaglú agus dúshaothrú orthu. Ní nach ionadh tá sé deacair eolas a fháil de bharr imeaglaithe. Is minic go mbíonn sé rómhall agus an duine óg leonta, á dhíbirt nó a mheabhairshláinte loite ag drugaí, scéin nó an dá rud. Ní ribín réidh é do Stormont ach caithfear gníomhú ar mhaithe leis an tsochaí go léir. 

Fág freagra ar 'Páistí gan chosaint ó pharaimíleataigh, Coimisinéir na nÓg ag éileamh gnímh '

  • Brendan Keane

    Sin saol na hóige ar fud Éireann agus fud fad an Domhain Thiar. Níl deiseanna fágtha dóibh; níl aon fíor-gheilleagar ann.