Páirtí nua le hainm Gaeilge bunaithe ag Alex Salmond in Albain

Tá an páirtí nua, ‘Alba’, ar son neamhspleáchas na hAlban agus beidh iarrthóirí á gcur chun cinn acu sna toghcháin pharlaiminte ar an 6 Bealtaine

Páirtí nua le hainm Gaeilge bunaithe ag Alex Salmond in Albain

Tá páirtí nua a bhfuil ainm Gàidhlig

air bunaithe ag iar-chéad-aire na hAlban, Alex Salmond.

 Tá an páirtí nua, ‘Alba’, ar son neamhspleáchas na hAlban agus beidh iarrthóirí á gcur chun cinn acu sna toghcháin pharlaiminte ar an 6 Bealtaine.

Dúirt Salmond nárbh amhlaidh go lagódh bunú Alba cúis an neamhspleáchais agus dúirt sé go mbeadh feachtas “an-dearfach ar fad” ag an bpáirtí nua.

Fuarthas Salmond neamhchiontach anuraidh i dtriail inar cuireadh ionsaí gnéis ina leith.

Bhí sé ina chéad-aire idir 2007 agus 2014. Táthar ag súil go gcabhróidh an páirtí lena chinntiú go mbeidh ollmhóramh ar son an neamhspleáchais sa chéad pharlaimint eile in Holyrood.

Agus Alba á sheoladh inniu, aige, dúirt Salmond go mbeadh ar a laghad ceathrar iarrthóirí ag an bpáirtí ar gach liosta réigiúnach.

An aidhm atá ag Alba ná go mbeadh feisire as gach ceantar acu i bParlaimint na hAlban i ndiaidh an toghcháin.

Toghtar 73 feisire chun na parlaiminte i dtoghcheantair ina mbíonn an córas an chéad duine abhaile i réim agus toghtar 56 duine eile faoi chóras ballraíochta.

Fág freagra ar 'Páirtí nua le hainm Gaeilge bunaithe ag Alex Salmond in Albain'

  • Poraic o'hEipicín

    Maith Thú, Alex.

  • S. Mac Muirí

    Tha seo miorbhuileach. Cniogfaidh an chéim thráthúil seo na haontachtóirí in Albain. Dá gcaillfí aon suíochán SNP amháin, ba chuma, nó trí chóras na cionmhaireachta thuasluaite, 56 cinn de na suíocháin, béarfar breis is deichniúr ball Pàrlamaide, sa mbreis, atá ar son na saorsa, slán.
    Caithfidh sé go dtuigeann Dudley Edwards anois .i. an deartháir Owen, nach raibh ina chuid leabharthaí ar son na haontachta briotanaí in Albain ach feadaíl nó mún in aghaidh na gaoithe.
    Tá an báire thart.