Níl aon chosúlacht ag ceachtar den bheirt a ghlac páirt sa chomhrá seo thíos agus aon duine atá beo. Agus, ar ndóigh, níor chuir caint pholaiteora iriseoir amú ariamh. Dáiríre.
FIOSRACH: Cogar, a Theachta, cloisim na ráflaí ar fud na háite. Céard atá beartaithe?
AIREACH, T.D.: Tá sé róluath a rá. Níl ar bun againn ach plé ar an scéal faoi láthair. Ach níl aon dabht orm faoi mhíshásamh an phobail. Tá said bréan den tsíorchluichíocht i dTeach Laighean, de neamhthoil an Rialtais ceisteanna a fhreagairt i gceart sa Dáil mar shampla. Gan trácht ar éagumas an Rialtais, gach rialtas, bunseirbhísí riachtanacha a riaradh go héifeachtach. An bhfaca tú Primetime Déardaoin. Na mná bochta sin, agus an tslí ar caitheadh leo sna hospidéil..
FIOSRACH: Náire shaolta gan dabht. Ach inis dom, cén sórt plé atá ar bun agaibh? An mbeidh páirtí nó comheagras de chineál éigin bunaithe agaibh roimh an olltoghchán?
AIREACH: Eadrainn féin, sílim go mbeidh. Tá an triúr againn tagtha ar chomhthuiscint, cé nach féidir a rá fós cé mhéad duine eile a sheasfaidh linn. Ach ba mhaith leis an triúr againn dul os comhair na vótóirí agus geallúint go gcuirfimid bunphrionsabail ar a laghad chun cinn.
Táimid ag caint i gcónaí le Teachtaí Dála eile, agus le daoine eile, ar ndóigh, lasmuigh de Theach Laighean.
FIOSRACH: An bhfuil ainm pléite agaibh, agus polasaithe?
AIREACH: An freagra ar an gcéad cheist: tá, agus ná fiafraigh cad é. Foighde ort. Agus an dara ceist: ba mhaith liom féin go dtiocfaí ar chomhthuairim faoi réimse beag polasaithe, ach níl aon rud cinnte, agus níl móran ama fágtha againn. Beidh olltoghchán ann faoi cheann deich mí ar a dhéanaí, nó níos luaithe b’fhéidir. Cibé cineál grúpa a sheolfar, ní foláir é a sheoladh sa bhfómhar.
FIOSRACH: An mbeidh iarrthóirí eile á lorg agaibh, seachas Teachtaí Dála?
AIREACH: Sílim go mbeidh. Foilseoimíd clár ar a leagfar amach ár bprionsabail agus breithneofar iarratais ó ionadaithe tofa agus ó dhaoine eile, má shíltear go bhfuil seans réasunta acu. Ach déanfar na socruithe sin ar ball.
FIOSRACH: Ceart go leor. An féidir liom an méid seo a chur i gcló ar Tuairisc.ie mar sin? Go mbeidh páirtí nua á sheoladh ag an triúr agaibh sara i bhfad, agus go bhfuil sibh ag caint le Teachtaí Dála eile agus le daoine eile chomh maith?
AIREACH: Ní féidir. Tóg go bog é, in ainm Dé. Mar a dúirt mé, níl ann ach caint faoi láthair. Neosfaidh mé duit é nuair a dhéanfar comhshocrú cinnte, má dhéantar.
FIOSRACH: Glaofaidh mé ort go rialta. Idir an dá linn, eadrainn féin, seo a leanas mo léamh féin ar an scéal. Ní mar pháirtí a bheidh sibh ag gníomhú ach mar scata Teachtaí Dála a mholfaidh prionsabail ghinearálta nach mbeadh duine réasúnta ar bith ina gcoinne. Agus is iad na bunphrionsabail dáiríre:
- An oiread poiblíochta, agallamh teilifíse, aird srl agus is féidir a ghnóthú roimh an olltoghchán.
- Feidhmiú mar ghrúpa má bhíonn tacaíocht leanúnach sa Dáil de dhíth ar cibé cineál comhrialtais a bhunófar tar éis an olltoghcháin.
Eadrainn féin, ní feidir leat an méid sin a shéanadh, an féidir?
AIREACH: Agus nílim á shéanadh. Pionta?
Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille