Páipéar 1 na Gaeilge – éasca, ábhartha agus leathan go maith

Is cosúil go raibh daltaí agus múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge, scoileanna Gaeltachta agus scoileanna Béarla an-sásta leis an gcéad pháipéar i scrúdú Gaeilge na hArdteiste

Páipéar 1 na Gaeilge – éasca, ábhartha agus leathan go maith

Sásta go maith a bhí múinteoirí Gaeilge na hArdteiste lena raibh ar Pháipéar Gaeilge 1 tráthnóna.

Bhí neart daoine ag tuar roimh ré go mbeadh aiste ann faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus bhí a leithéid ar an chéad rogha i measc theidil na n-aistí i mbliana.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí, go raibh an aiste faoin Ghaeilge “ullamh agus tuartha ag gach éinne” agus gur pháipéar “an-fhéaráilte” a bhí ann.

“Bhí ar a laghad dhá nó trí cinn d’aistí a bhí an-oiriúnach do na daltaí. Níor cheart go mbeadh aon fhadhb ann. Fiú amháin daoine nach raibh aon ullmhúchán déanta acu, bhí cúpla rogha dheas ann,” a dúirt sé.

An t-aon iontas a bhain leis an pháipéar, dar leis an Bhreathnach, ná aiste faoi gheilleagar na tíre.

“Bhí sin saghas aisteach. Shílfeá go mbeadh aiste mar sin faoin ngeilleagar níos oiriúnaí cúpla bliain ó shin nuair a bhí an cúlú eacnamaíochta i mbéal an phobail,” a dúirt sé.

D’aontaigh John de Buitléir, múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh, gur scrúdú féaráilte a bhí ann agus dúirt sé go raibh a chuid daltaí sásta leis an scrúdú.

“Bhí an cluastuiscint dúshlánach go leor, ach féaráilte. Bhí na ceisteanna breá soiléir agus an-éasca le tuiscint, is cosúil,” arsa de Buitléir.

Dúirt sé go rabhthas ag súil le haiste faoin Ghaeilge mar gheall ar Bhliain na Gaeilge agus go raibh na roghanna eile “leathan go maith” le deis a thabhairt do dhaltaí “scríobh faoi rudaí a bhí ullmhaithe acu”.

“Ó bheith ag éisteacht leo, bhí an páipéar féaráilte agus ábhartha don bhliain seo,” a dúirt sé.

Mheas de Buitléir nach raibh “aon iontas” ar Pháipéar 1 Gnáthleibhéal Gaeilge na hArdteiste agus go mbeadh “chuile rud ullmhaithe” ag na daltaí.

“Bhí na ceisteanna sa cluastuiscint soiléir. Bhí an saorbhriathar ‘Baileofar’ i gceann de na ceisteanna agus seans nach raibh sin acu, ach sin an méid. Tháinig ‘an geimhreadh’ aníos sa mblag agus bhí sin oiriúnach don bhliain seo,” a dúirt de Buitléir.

Cheap Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide agus múinteoir Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin, Inis Meáin, nach raibh “aon rud a chuirfeadh casadh ar ghasúr na Gaeltachta” ar pháipéar an lae inniu.

“Ní raibh aon deacracht ag na daltaí sa scoil seo leis an gcluaistuiscint ar chor ar bith agus ní raibh aon deacracht acu le teidil na n-aistí ach oiread,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Fhátharta go raibh súil ag na daltaí le haiste faoi bhliain na Gaeilge agus gur rogha dheas freisin ‘Daoine sa Saol Poiblí a bhfuil meas agam orthu’. Bhí an teideal sin mar rogha ar na bréagscrúduithe i mbliana chomh maith, a dúirt sí.

“B’fhéidir gur cheap muid go mbeadh rud éigin faoin gcóras sláinte ann agus seans go mbeadh gasúr ag súil leis sin ach bhí sé déanta do ghasúir na Gaeltachta,” a dúirt Ní Fhátharta.

Fág freagra ar 'Páipéar 1 na Gaeilge – éasca, ábhartha agus leathan go maith'

  • Seán Mag Uihir

    Nílim cinnte cad thuarim agam faoin ábhar seo ach tháinig mé air alt suimiúil