Páidí Ó Lionáird éirithe as 7Lá ar TG4 tar éis 16 bliain

Tá breis agus 500 eagrán de 7Lá curtha i láthair ag fear Mhúscraí ó bunaíodh an clár cúrsaí reatha in 2003

Páidí Ó Lionáird éirithe as 7Lá ar TG4 tar éis 16 bliain

Tá an craoltóir aitheanta Páidí Ó Lionáird éirithe as an chlár cúrsaí reatha 7Lá ar TG4 tar éis dó 16 bliain a chaitheamh mar láithreoir air.

Dheimhnigh Ó Lionáird, a bhfuil breis agus 500 eagrán den chlár curtha i láthair aige ó cuireadh tús leis an tsraith in 2003, go raibh cinneadh déanta aige “seasamh siar” ón chlár agus nach mbeidh aon bhaint aige feasta leis.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Lionáird gur “cinneadh fíordheacair, pearsanta” a bhí ann éirí as cur i láthair 7Lá.

Dúirt sé go ndearna an clár obair “cheannródaíoch“ agus é ag tagairt do na cláracha beo a craoladh as stiúideo Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, as Westminster agus as Inis Mór Árainn.

“Bhaineas fíorthaitneamh as mo bhlianta ag láithriú agus táim fíorbhuíoch de na heagarthóirí éagsúla, na foirne léiriúcháin, na haíonna agus go háirithe an lucht féachana dílis a bhí i gcónaí chun tosaigh im’ chur chuige,” arsa Ó Lionáird.

Dúirt Ó Lionáird, arb as Gaeltacht Mhúscraí dó, nach raibh “aon phleananna” aige “seasamh os comhair ceamara teilifíse san am i láthair” ach níor chuir sé as an áireamh é go bhfillfeadh sé ar an scáileán teilifíse arís.

“Ní fheicim seo mar dheireadh le mo chuid craoltóireachta – féachfaidh mé ar dheiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn,” a dúirt sé.

Dúirt Eagarthóir 7Lá Éamonn Ó Cualáin le Tuairisc.ie gur beirt de na daoine atá ar phainéal láithreoirí an chláir a bheidh le feiceáil le linn na sraithe nua a thosaigh aréir.

Is iad Máirín Ní Ghadhra, Emer Ní Chonghaile agus Eibhlín Ní Chonghaile, an painéal láithreoirí a roghnaíodh do 7Lá anuraidh.

Dúirt Ó Cualáin le Tuairisc.ie go mbeadh siad ag cur leis an phainéal sin amach anseo.

Craoladh an chéad eagrán den tsraith úr ar TG4 aréir. 

Fág freagra ar 'Páidí Ó Lionáird éirithe as 7Lá ar TG4 tar éis 16 bliain'

  • Mícheál Ó Meallaigh

    Comhghairdeas a chara as ucht éacht a dhéanamh thar na blianta i ndiaidh cruinniú ceannródaíoch i dTigh Chualáin sé bliain déag ó shin !