Os cionn 40 ‘pop up’ tarlaithe ó phreab an chéad Pop Up Gaeltachta aníos anuraidh

Measann duine de bunaitheoirí an Pop Up, Peadar Ó Caomhánaigh, go bhfuil na mílte duine tar éis freastail ar Pop Up Gaeltacht faoin am seo

Os cionn 40 ‘pop up’ tarlaithe ó phreab an chéad Pop Up Gaeltachta aníos anuraidh

Tá an Pop Up Gaeltacht, a reáchtáladh den chéad uair mí na Samhna seo caite, ag dul ó neart go neart agus os cionn 40 imeacht éagsúla curtha ar siúl ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin ó chruinnigh cainteoirí Gaeilge le chéile don chéad ‘Pop Up’ sa teach tábhairne Rua i mBaile Átha Cliath.

Ó shin i leith, d’eagraigh bunaitheoirí an Pop Up Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha seacht gcinn d’ócáidí i gcathair Bhaile Átha Cliath, bhí trí cinn i mBéal Feirste, trí cinn i gCeatharlach, trí cinn i gCorcaigh, ceann amháin i nGaillimh, i dTír Chonaill, i Liatroim, i dTamhlacht agus i bhFine Gall i dtuaisceart Chontae Átha Cliath.

Chomh maith leis sin, reáchtáladh tuairim is 20 Pop Up taobh amuigh den tír seo in áiteanna ar nós Nua-Eabhrac, Perth na hAstráile, Hong Cong, Dubai, Toronto, Kansas agus Vermont.

Measann duine de bunaitheoirí an Pop Up, Peadar Ó Caomhánaigh, go bhfuil na mílte duine tar éis freastail ar Pop Up Gaeltacht faoin am seo. Dúirt sé le Tuairisc.ie go raibh an slua is mó go dtí seo i láthair ag an Pop Up a bhí ar siúl i roinnt tithe tábhairne éagsúla ar Lána an Dáma i mBaile Átha Cliath an oíche roimh Lá Fhéile Pádraig — bhí idir 900 agus 1,000 duine i láthair ar an oíche sin, dar le Ó Caomhánaigh.

Leanann tuairim is 3,500 duine an Pop Up Gaeltacht ar na meáin shóisialta agus léiríonn na hócáidí Facebook de na himeachtaí i mBaile Átha Cliath gur léirigh os cionn 1,500 duine spéis sna hócáidí éagsúla go dtí seo, cé nach féidir brath ar fhigiúirí ócáidí Facebook le measúnú cruinn a dhéanamh ar an bhfreastal.

Tá coincheap an Pop Up tar éis scaipeadh do theangacha eile, freisin. Go dtí seo bhí a leagan féin den Pop Up Gaeltacht ag lucht labhartha na Gàidhlig in Albain, ag cainteoirí Manainnise in Oileán Mhanann agus ag Coirniseoirí i gCorn na Breataine.

Tá leaganacha eile den choincheap ag teacht chun cinn in Éirinn freisin agus an múnla céanna á úsáid le daoine a mhealladh chuig imeachtaí Gaeilge eile. Is é bunaidhm an Pop Up Gaeltacht a tosaíodh ag deireadh na bliana seo caite áit a chruthú do chainteoirí Gaeilge ar féidir leo dul ag ól agus ag labhairt na Gaeilge.

Tá ‘Pop Up Gaeltacht na nÓg’ bunaithe ar an múnla céanna, is é sin go bhfógraítear láthair ar na meáin shóisialta agus bítear ag súil le slua, ach in áit oíche ragairne i dteach tábhairne, bailíonn tuismitheoirí agus gasúir óga le chéile i bpáirc nó láthair dá leithéid le haghaidh lá spraoi.

Tá imeachtaí eile ar nós ‘Pop Up Gaeltacht Shláintiúil’ curtha ar bun ag an gcomhlacht Aclaí i gCorcaigh freisin do dhaoine ar mhaith leo seisiún aclaíochta a dhéanamh in éineacht le cainteoirí Gaeilge eile.

Tá ócáid eile dhá lá, atá bunaithe ar an Pop Up Gaeltacht, ar siúl i gContae an Chabháin inniu. Bhailigh 60 déagóir ó cheann ceann na tíre i gCaisleán Saunderson inné don imeacht shóisialta seo.

Fág freagra ar 'Os cionn 40 ‘pop up’ tarlaithe ó phreab an chéad Pop Up Gaeltachta aníos anuraidh'

  • Mánus

    Nach íontach iad na Pop uppers. Dá mbeadh cúpla comharchumann tithíochta LánGhaeilge ag poppáil suas timpeall bhailte mhóra na tíre bheadh brí eile leis an focal “Gaeltacht”.