Ómós léirithe ag na mílte do Benedict agus é curtha i mBaisleac Pheadair

Ba í sochraid an Phápa Emeritus inniu an chéad uair le breis is dhá chéad bliain go raibh pápa i gceannas ar shearmanas sochraide iarphápa

Ómós léirithe ag na mílte do Benedict agus é curtha i mBaisleac Pheadair

Bhailigh na mílte Caitliceach i gCearnóg Pheadair sa Vatacáin inniu do shochraid an Phápa Benedict XVI.

Ba é seo an chéad uair le cúpla céad bliain go raibh pápa i gceannas ar shearmanas sochraide iarphápa.

Le linn an Aifrinn, mhol an Pápa Proinsias an “gaois, cineáltacht agus cráifeacht” a léirigh an Pápa Benedict.

Ag deireadh an tsearmanais, thosaigh daoine ag bualadh bos don iar-phápa atá imithe ar shlí na fírinne.

“Santo Subito,” a bhéic roinnt daoine agus iad ag iarraidh go ndéanfaí naomh láithreach den iarphápa.

Roimh an searmanas, a cheiliúir cairdinéil, easpaig agus sagairt in éineacht leis an bPápa Proinsias, cuireadh ar taispeáint i mBaisleac Pheadair corp Benedict. Thapaigh na mílte de lucht a chaointe an deis siúl thar bráid a chónra adhmaid, chun ómós a thabhairt dó.

Cuireadh Benedict i dtuama san uaimh faoin mBaisleac, áit a raibh an Pápa Eoin Pól II curtha i dtuama ar feadh tamaill.

Cuireadh in éineacht leis an bPápa Benedict roinnt bonn de chuid na Vatacáine agus rudaí eile a bhaineann leis an bpápacht. Cuireadh leis sa chónra chomh maith cáipéis i Laidin ar a bhfuil cur síos ar chuid de na heachtraí is suntasaí a tharla le linn a phápachta.

Deir an cháipéis gur “throid sé go diongbháilte” chun deireadh a chur leis an mí-úsáid ghnéis san eaglais.

Bhí an cháil ar Benedict gur pápa an-choimeádach a bhí ann agus mhaígh lucht a cháinte gurbh é cosaint na heaglaise an chloch ba mhó ar a phaidrín i gcónaí.

D’fhreastail ceannairí stáit, monarcaí agus baill den chléir ar fud an domhain ar an tsochraid.

Bean ó Leitir Ceanainn i nDún na nGall, Mary Maguire, a léigh an Dara Léacht ag an Aifreann sochraide, sliocht as Céad Litir Naomh Peadar.

Dé Sathairn seo caite a bhásaigh Benedict, a bhí 95 bliain d’aois. D’éirigh sé as a chúram in 2013, an chéad phápa a rinne amhlaidh le 600 bliain.

Fág freagra ar 'Ómós léirithe ag na mílte do Benedict agus é curtha i mBaisleac Pheadair'

  • JP

    Is é “cosaint na heaglaise” an chloch is mó ar phaidrín gach aon phápa nach mór. I Márta 2020 osclaíodh na comhaid rúnda sa Vatacáin a bhain leis an dara Cogadh Domhanda agus an ról a d’imir Pius XII i bpáirtíocht agus bonn araon leis na Naitsithe, más fíor. Cuireadh na comhaid faoi shéala ar ais athuair ar an toirt áfach… de dheasca Covid 19!! Is mó rún i bhfolach faoi na hataí arda sin.