ÓMÓS: ‘Gael go smior’ – Diarmuid Ó Tuama, múinteoir agus staraí, ar shlí na fírinne

Teagascóir, gníomhaí teanga, staraí, údar agus fear mór CLG ab ea Diarmuid Ó Tuama as Béal Feirste

ÓMÓS: ‘Gael go smior’ – Diarmuid Ó Tuama, múinteoir agus staraí, ar shlí na fírinne

Cuirfear i gcré na cille maidin amárach, Dé Sathairn, duine de mhórghaeil Bhéal Feirste, Diarmuid Ó Tuama, a bhí ina phríomhoide ar Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge a bunaíodh sa chathair.

Teagascóir, gníomhaí teanga, staraí, údar agus fear mór CLG ab ea Diarmuid Ó Tuama a d’imigh ar shlí na fírinne Dé Máirt seo caite nuair a fuair sé taom croí.

Bhí sé 70 bliain d’aois.

D’fhág sé a rian ar na céadta dalta scoile a d’fhreastail ar Bhunscoil Phobal Feirste.

‘An Máistir’ a thugadh go leor acu air le teann ómóis.

Dúradh i ráiteas ó Scoil Phobal Feirste gur “múinteoir, príomhoide agus cara buan do phobal uilig na scoile” a bhí ann.

“Bhí sé dílis don teanga, don oideachas agus dár gcluichí. Gael go smior.”

Dúirt Conradh na Gaeilge gur cúis mhór bhróin a bhí ann go raibh an “ceannródaí gaelscolaíochta” ar lár.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile, a bhí ina dhalta aige, gur “teagascóir agus oideachasóir Gaeilge ceannródaíoch” ab ea é Diarmuid Ó Tuama.

Poblachtánach agus staraí a bhí “bródúil” as a dhúchas Gaelach ab ea é.

“Bhí sé d’ádh orm go raibh sé mar chara agam,” a dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, iarmhéara ar Bhéal Feirste.

Dúirt an comhalta Tionóil as iarthar Bhéal Feirste Gerry Carroll gur ceannródaí a bhí in Diarmuid Ó Tuama mar “gníomhaí teanga, oideachasóir agus scoláire”.

Dúirt a mhac Séamus, atá ina phríomhoide ar Bhunscoil Phobal Feirste mar a bhí a athair roimhe, go raibh sé féin agus a mhuintir croíbhriste.

Fuair a athair an drochscéal le déanaí go raibh ailse air ach bhíothas ag súil go raibh “bóthar fada” roimhe i gcónaí.

“Bhí sé an-tobann,” a dúirt Séamus Ó Tuama.

Dúirt sé go raibh an grá a bhí ag a athair don chultúr náisiúnta agus logánta, don nádúr, don tíreolaíocht agus don stair soiléir ina chuid oibre. Bhí sé ina spreagadh mór ag daltaí agus a muintir ar feadh blianta, a dúradh.

Chothaigh sé an grá céanna don Ghaeilge agus don chultúr ina chuid daltaí “go leor acu a bhfuil poist thábhachtacha sa tsochaí anois acu”.

Rugadh Diarmuid Ó Tuama i mBéal Feirste i 1952. Mac ab ea é le Rosie agus Seamus Twomey, a bhí ina cheann foirne ar an IRA Sealadach sna 1970idí.

Ba i mbunscoil Holy Child ón mbliain 1957, a bhí lonnaithe ag Páirc Casement an t-am sin, a cothaíodh a ghrá do na cluichí Gaelacha,” dar lena mhac Séamus. Chaith Diarmuid cúpla bliain ag Coláiste Naomh Malachaí ina ábhar sagairt sular éirigh sé as chun filleadh ar a chathair dhúchais mar a raibh na Trioblóidí faoi lán seoil. Rinne sé staidéar ar an mhúinteoireacht i gColáiste Naomh Seosamh.

I measc na saothar oideachais agus staire a raibh baint aige leo, bhí an leabhar The Men Will Talk To Me atá bunaithe ar agallaimh a chuir an poblachtánach mór le rá Ernie O’Malley, ar dhaoine sa Tuaisceart.

Fear dílis CLG ab ea é a bhí ina bhall de Chumann Naomh Eoin, a dúirt gur údar mór bróin a bhás agus gur bhain an drochscéal creathadh as baill an chumainn.

Beidh Aifreann sochraide Dhiarmuid Uí Thuama ar siúl i Séipéil Naomh Oilibhéar Pluincéad maidin amárach ag 11am agus cuirfear ina dhiaidh sin é i Reilig Bhaile an Mhuilinn.

Maireann a bhean Elaine, a gclann Séamus, Brónach agus Diarmuid, a gcéilí siúd, agus a ngarchlann Eve, Ellen, Róise, Conall, Cillian agus Cormac.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: ‘Gael go smior’ – Diarmuid Ó Tuama, múinteoir agus staraí, ar shlí na fírinne'

  • Pádraig

    Ar dheis Dé go raibh a Anam dílis.

  • Séamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

    A Dhiarmuid,

    I measc na Laochra Gael go raibh d’Anam Poblachtach Réabhlóideach.

    Mo chomhbhrón do do Chlann

    Is mise le brón,

    Dónall Mór Mac Billings

    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

  • Cormac Ó Comhraí

    Comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus lena chairde uilig

  • Tiarnan de Fréine

    Laoch i measc na nGaeil. Suaimhneas síoraí dá anam uasal!