O’Mahony agus Murray ag iarraidh na hUltaigh a chloí sa gcluiche deireanach acu ar fhód Thuamhan

Fillfidh Cúige Laighean ar Staid Aviva amárach, seachtain tar éis dóibh cliseadh i gcoinne Northampton i gcluiche a dhéanann scrios ar shéasúr na Laighneach

O’Mahony agus Murray ag iarraidh na hUltaigh a chloí sa gcluiche deireanach acu ar fhód Thuamhan

Conor Murray agus Peter O'Mahony. Pic: INPHO/James Crombie

Fágann cliseadh Chúige Laighean i gcoinne Northampton i Staid Aviva an deireadh seachtaine seo caite nach mbeidh aon fhoireann ón tír seo i gcraobhchluichí Chorn na gCuradh ná Chorn an Dúshláin i gCaerdydd faoi cheann coicíse agus caithfear tagairt do chur chuige na Laighneach sa gcluiche sin. 

Bhí chuile bhuntáiste le Cúige Laighean roimh thús an chluiche. Bhí siad sa mbaile. Bhí níos mó cleachtadh acu ar imirt ag an leibhéal seo. Bhí painéal imreoirí ar ardchaighdeán domhanda acu, dhá bhonn domhanda ag duine acu go deimhin! Bhí na geallghlacadóirí ag tuar bua le scór pointe nó níos mó fiú amháin! Mar sin féin, theip orthu. 

Cúpla lá roimh an gcluiche léigh mé ceannteideal a d’fhógair gur ar an mbinse a bheadh Porter agus Barrett ag tosnú an chluiche agus rith sé liom go raibh Leo Cullen den tuairim go mbeadh bua éasca ag a fhoireann. Rith sé liom freisin go raibh an baol ann go raibh sé ag léiriú drochmheas ar an bhfreasúra. Luath sa gcluiche bhí sé soiléir gur cheap na himreoirí an rud céanna.  

Bhí go leor d’imirt Laighean thar a-bheith aisteach: easpa déine sa gcéad leath go háirithe. Chaill siad seilbh na liathróide rómhinic sa gcliseadh agus sa ngreamú, ní hamháin sin, theip orthu an marc a aimsiú i gcúpla síneadh amach agus bhí an chosaint bhíodh chomh teann go dtí seo, fíor-lag. Cuir san áireamh freisin lag-imirt chúpla imreoir, imirt a chuir as do iarracht cúpla imreoir áit a fháil ar phainéal na Leon a d’fhogair Andy Farrell ar an Déardaoin. Cuir san áireamh freisin cúpla droch-chinneadh maidir le diúltú dul ar thóir thrí phointe seachas úd ó chúpla chic éirice. 

Ní raibh cluais ar fáil do fhreagraí ná do leithscéal Cullen ach ar chríochnaigh an cluiche: é ag moladh Norhampton agus ag caint faoi cheachtanna atá fós le foghlaim ag Cúige Laighean. Seans maith go mbeidh rás Leo féin rite ag deireadh an tséasúir seo. 

Ach roimhe sin tá deis fós ag Cúige Laighean agus ag Cúige Mumhan nó Cúige Uladh greim a fháil ar chorn an URC. Ní dóigh go féidir Cúige Chonnacht a lua sa gcomhrá sin. 

Anocht beidh Cúige Mumhan agus Cúige Uladh in árach a chéile i Luimneach. Ní scarann ach trí phointe na foirne seo atá fós taobh amuigh den sprioc glórmhar sin, an t-ochtú háit ar an tábla. Sa naoú háit atá Cúige Mumhan agus tá Cúige Uladh trí áit níos ísle ná sin. Ní dóigh go mbeidh áit sna babhtaí ceathrúceannais ná i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile ag pé foireann a chailleann an cluiche seo. Ó tharla go bhfuil brú an-mhór ar an dá fhoireann agus iad ag iarraidh imirt i gCorn an Dúshláin, an comórtas sóisearach, a sheachaint sa gcéad séasúr eile, caithfear seans a thabhairt d’fhoireann an bhaile, go háirithe agus Peter O’Mahony agus Conor Murray ag imirt a gcuid cluichí deireanacha ar fhód Thuamhan. Mar sin féin caithfidh Cúige Mumhan a bheith airdeallach, tá an uaillmhian chéanna ag Cúige Uladh. 

Beidh Cúige Laighean, foireann atá ar bharr tábla an URC ar ais i Staid Aviva amárach agus iad ag tabhairt faoi Zebre, foireann atá sa gcúgiú háit déag ar an tábla céanna. Is cuma cén casadh a chuirtear ar an scéal ní féidir tada eile seachas bua le chúig phointe a shamhlú d’fhoireann an bhaile. 

Sa mbaile freisin a bheas Cúige Chonnacht atá suite sa gceathrú háit déag ar an tábla. Cé nach bhfuil ach sé phointe idir iad agus an t-ochtú háit faoi láthair, is deacair a shamhlú go mbeadh siad in ann an bhearna sin a dhúnadh go háirithe agus iad i gcoinne Dhún Éideann atá sa deichiú agus iadsan freisin ag iarraidh íochtar an tábla a sheachaint. Ní féidir bua do na Connachtaigh a chur as an áireamh ach fiú má tharlaíonn sé ní dóigh gur leor é chun críoch sa dara leath den tábla a sheachaint. 

 

Dé hAoine, 9 Bealtaine 

Cúige Mumhan v Cúige Uladh – Páirc Thuamhan, 19:35 

Dé Sathairn, 10 Bealtaine 

Cúige Laighean v Zebre – Staid Aviva, 17:15 

Cúige Chonnacht v Dún Éideann – An Bóthar Beag, 19:35

Fág freagra ar 'O’Mahony agus Murray ag iarraidh na hUltaigh a chloí sa gcluiche deireanach acu ar fhód Thuamhan'

  • JP

    Chuir an greadadh míthrócaireach a thug na Laighnigh do Zebre (75-7) masmas agus múisc orm.
    Cad a bhí buaite acu leis sin?
    An ag agairt a gcuid feirge ar Zebre a bhí siad toisc gur chúb siad chucu féin in aghaidh Northampton?
    Gur ghabh an sotal agus an mhórchúis lastuas díobh?
    Go raibh siad ag cuimhneamh ar an gcluiche i Cardiff?
    Go raibh cuid de na himreoirí ab fhearr á spáráil acu?
    Gur fágadh buíocán ar a straois acu?
    Gur cuireadh an mórtas ina dtóin dóibh?
    ‘Treabhaigh an t-iomaire atá romhat’; seanrá agus comhairle ár leasa.