Olluaigh lasmuigh de Mariupol le feiceáil in íomhánna satailíte

Tuairiscítear go bhfuil an Rúis sásta sos cogaidh a fhógairt chun deis a thabhairt do na saighdiúirí i monarcha cruach Azovstal in Mariupol an áit a fhágáil

Olluaigh lasmuigh de Mariupol le feiceáil in íomhánna satailíte

Pictiúr: Maxar Technologies

Deir méara Mariupol san Úcráin go léiríonn íomhánna satailíte gur tógadh olluaigh gar don chathair agus go bhfuiltear ag cur le líon na marbh inti i gcónaí.

De réir anailíse atá déanta ag Maxar Technologies, comhlacht príobháideach as Meiriceá, ar na híomhánna cuireadh breis is 200 uaigh nua leis an olluaigh idir an 23-26 Márta.

Tá an olluaigh buailte le reilig an tsráidbhaile Manhush atá 20 ciliméadar laistiar de Mariupol.

Dúirt méara Mariupol, Vadym Boichenko, gur fianaise a bhí sna híomhánna go raibh coirp á gcur ag fórsaí na Rúise chun líon na marbh sa chathair a cheilt.

Séanann an Rúis go bhfuil ainghníomhartha á ndéanamh san Úcráin acu agus deir siad gur cur i gcéill atá san fhianaise go léír.

Tuairiscítear go bhfuil an Rúis sásta sos cogaidh a fhógairt chun deis a thabhairt do na saighdiúirí i monarcha cruach Azovstal in Mariupol an áit a fhágáil.

Deir roinn cosanta na Rúise go bhfuiltear ullamh chun sos cogaidh daonnúil a chur i gcrích má ghéileann na trodairí atá sa mhonarcha, an daingean deireanach ag an Úcráin sa chathair chalafoirt faoi léigear i ndeisceart na tíre.

Dúradh go gcuirfí tús leis an sos cogaidh a luaithe is a d’ardódh na saighdiúirí atá sa mhonarcha bratacha bána.

D’ordaigh Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, dá chuid trúpaí inné gan ruathar a dhéanamh ar an monarcha.

Dúirt Putin nach mbeadh a leithéid de ruathar “praiticiúil”.

Ina áit sin, d’ordaigh sé dá thrúpaí an monarcha a chur faoi imshuí ionas nach bhféadfadh “fiú cuileog” éalú as.

Mhaígh Putin go raibh an Rúis anois i gceannas ar an gcathair chalafoirt sa deisceart atá faoi léigear ó thús an ionraidh.

Dúirt méara Mariupol, Vadym Boichenko, go dteastódh sos cogaidh lae chun na sibhialtaigh agus saighdiúirí atá ar foscadh i monarcha Azovstal a thabhairt slán.

“Arú inné bhí plean againn bealach éalaithe a oscailt do na daoine seo. Faraor, lean fórsaí na Rúise orthu ag bombardú na monarchan agus ag caitheamh sliogán léi agus níor éirigh linn na daoine a thabhairt slán aisti.”

Dúirt méara Mariupol go raibh an chathair, atá nach mór scriosta ar fad ag an Rúis,  ag “bláthú” roimh thús an ionraidh.

“Bhí cathair nua-aimseartha á déanamh di. Bhí sí á forbairt againn mar chathair nua-aimseartha den scoth chun aisling na ndaoine, mar a tuigeadh dúínn í, a chomhlíonadh.

“Tá sé mar a bhainfí mo chroí as mo chliabh.”

Fág freagra ar 'Olluaigh lasmuigh de Mariupol le feiceáil in íomhánna satailíte'

  • Bréan den bholscaireacht!

    Is cosúla le reilig é sin. Téarma ‘lódáilte’ claonta is ea “olluaigh” – trinse mór a dhéanamh in áit chúlráideach agus na scórtha/céadta corp a chartadh isteach ann, nó a leithéid. Is cosúil go gcaithfear an Rúis a dhamnú ar gach ócáid: má fhágtar corp ar an tsráid, is uafás é; má adhlactar na coirp i reilig nua, le taobh na seanreilige, is uafás fós é.