Ollphuball scuabtha leis ag an ngaoth i nGleann Cholm Cille

D’fhuadaigh an ghaoth láidir leis an t-ollphuball agus caiteadh in airde é ar dhíon chlubtheach CLG Naomh Columba a ndearnadh dochar dó

photo

Scriosadh sa doineann inné an t-ollphuball a cuireadh in airde i nGleann Cholm Cille don seó talmhaíochta a bhí ar siúl sa cheantar sin.

D’fhuadaigh an ghaoth láidir leis an t-ollphuball agus caiteadh in airde é ar dhíon chlubtheach CLG Naomh Columba a ndearnadh dochar dó.

Bhí an seó talamhaíochta, a mhair trí lá, ar tí críochnú nuair a tharla an eachtra agus ní raibh aon duine istigh san ollphuball ag an am. D’fhág fear amháin an t-ollphuball bomaite sular scubadh san aer é.

Ba é an comórtas madraí caorach a bhí ar siúl tráthnóna inné mar chlabhsúr ar an seó agus mar sin bhí daoine amuigh faoin spéir i bpáirc atá buailte le páirc imeartha Naomh Columba.

Bhí foireann peile ag traenáil ar an bpáirc imeartha féin ag an am agus b’éigean dóibh a gcuid éadaí a fháil ón clubtheach go gasta. Nuair a chonaic daoine an t-ollphobal á ardú ritheadar sall chun rudaí a bhí caite timpeall a bhailiú, ach b’éigean dóibh an suíomh a fhágáil cúpla uair toisc an ghaoth a bheith chomh láidir sin.

Rinneadh damáiste do chúpla carr agus bus a bhí parcáilte taobh amuigh den chlubtheach.

Níor gortaíodh duine ar bith.

Tháinig an bhriogáid dóiteán ar an láthair sara fada agus chuir siad tródam ar an suíomh.

Fág freagra ar 'Ollphuball scuabtha leis ag an ngaoth i nGleann Cholm Cille'