Oiread agus tagairt amháin don Ghaeilge i gclár oibre Státseirbhís Thuaisceart Éireann

Ní féidir leis an státseirbhís neamhaird a dhéanamh ar an Ghaeilge toisc nach bhfuil Feidhmeannas Stormont ag feidhmiú - Máirtín Ó Muilleoir

Oiread agus tagairt amháin don Ghaeilge i gclár oibre Státseirbhís Thuaisceart Éireann

Tá cáineadh géar déanta ag polaiteoirí agus lucht na Gaeilge araon toisc nach bhfuil oiread agus tagairt amháin don Ghaeilge sa chlár oibre nua atá foilsithe ag Státseirbhís Thuaisceart Éireann an tseachtain seo.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an t-iarAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir, nach bhféadfadh an Státseirbhís a cuid dualgas i leith na Gaeilge a sheachaint, d’ainneoin nach bhfuil Feidhmeannas Stormont ag feidhmiú.

“Tá Sinn Féin tiomanta d’Acht na Gaeilge a bhaint amach. Ní athraíonn séanadh rialtas na Breataine ar na gealltanais a rinne siad cheana ná teip an DUP na gealltanais sin a chomhlíonadh, na dualgais atá ar an Státseirbhís cheana féin freastal a dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge,” a dúirt Ó Muilleoir.

Dúirt sé gur chúis imní é nach bhfuil “aon phleananna” ag an Státseirbhís chun déileáil leis na dualgais atá orthu i leith an Ghaeloideachais agus seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge mar a éilítear faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

“Ní aon tagairt do straitéis don Ghaeilge sa chlár oibre agus níl aon treoir tugtha faoin ‘gníomh dearfach’ a gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt Ó Muilleoir.

Dúirt sé go raibh Sinn Féin “tiomanta de a chinntiú go gcomhlíonfaidh institiúidí poiblí a gcuid dualgas i leith phobal na Gaeilge”.

Thug Ó Muilleoir le fios go bhfuil rún aige cruinniú a iarraidh le Ceannasaí na Státseirbhíse chun a cuid dualgas i leith na teanga a phlé.

I ráiteas a chuir Conradh na Gaeilge amach, dúradh go raibh “bearnaí móra” i gclár oibre an Rialtais ó thuaidh i dtaobh na Gaeilge de agus go mbeadh “roinnt ceisteanna” á n-ardú acu féin le hOifig an Fheidhmeannais faoin cheist seo.

Fág freagra ar 'Oiread agus tagairt amháin don Ghaeilge i gclár oibre Státseirbhís Thuaisceart Éireann'