‘Oideachas ionas nach gá píonós’ – cuairt ar naíolann i gcathair Salvador na Brasaíle

Scileanna a thabhairt do leanaí le dul i ngleic leis an saol i gceantar bocht, foréigneach – sin an aidhm atá ag Adalberto de Souza Lopes. Thug ár gcomhfhreagraí cuairt ar a naíolann i gcathair Salvador sa Bhrasaíl

IMG_7479
Páistí cúig bliana d’aois i naíolann Creche Escola da Fraternidade. Pictiúr: Alex Hijmans do Tuairisc.ie

‘Bruachbhaile bocht’ a thabharfadh duine ar Nordeste de Amaralina, i gcathair Salvador sa Bhrasaíl, murach nach bruachbhaile é. I lár na cathrach atá sé suite. Ach tá droch-cháil ar an gceantar, agus ní hamháin toisc gurb í an áit is mó ar domhan ina bhfuil cónaí ar scairpeanna; tá an chogaíocht drugaí ina gnáthchuid den saol laethúil ann le fada an lá agus cé go bhfuil ’síochánú’ déanta ag na póilíní ar an gceantar le trí bliana anuas, maireann an droch-chlú.

Sin a deir Adalberto de Souza Lopes, atá i gceannas ar naíolann i Nordeste de Amaralina le 29 mbliana anuas.

Tugann Creche Escola da Fraternidade deis do mhuintir an cheantair a bpáistí a fhágáil ann ar feadh an lae ar fad, cúig lá sa tseachtain. Cuireann an naíolann trí bhéile sa ló ar fáil do na leanaí agus is mó an chabhair dá dtuismitheoirí é sin; ní i gcónaí a bheadh dóthain le n-ithe sa bhaile. Ní ghearrann an naíolann, ar cumann carthanachta í, aon táille ar na tuismitheoirí as an gcúram.

Ní haon iontas é, mar sin, go bhfuil tóir as cuimse ar an naíolann.

‘Tá céad míle duine ina gcónaí in Nordeste de Amaralina agus tá fás seasta ar an daonra,’ a deir Adalberto de Souza Lopes. ‘Ach ní féidir linne ach freastal ar nócha leanaí. Dá mbeadh an t-airgead agam chun breis foirne a earcú, d’fhéadfaí freastal ar dhá chéad.’

Faigheann an naíolann rud beag airgid stáit ach bíonn an fhoireann ag brath ar aontaí ceardaíochta agus seifteanna eile chun an áit a choinneáil ag imeacht. Deontas 14 mhíle euro sa bhliain ó charrthanacht bheag san Ísiltír, Stichting Vrienden van Kleutercentra in Brazilië (‘Cairde Naíolanna sa Bhrasaíl’), bunchloch an bhuiséid, áfach.

“Sa bhliain 2012, níor íocadh an deontas stáit linn agus murach an t-airgead ón Ollainn, bheadh an áit dúnta anois,” a deir Adalberto de Souza Lopes.

IMG_7485
Cuid d’fhoireann na naíolainne. Tá Adalberto de Souza Lopes ar chlé, in íochtar. Tá Anita Lemoine in aice leis.

Stiúrthóir an chumainn carthanachta ón Ísiltír, Anita Lemoine, a thug cuireadh dom cuairt a thabhairt ar an naíolann i Nordeste de Amaraline. Teiripeoir teaghlaigh í san Ollainn agus míníonn sí an tábhacht ollmhór a bhaineann le naíolanna i gceantair atá faoi mhíbhuntaiste.

‘Is le linn na mblianta a bhfreastalaíonn páiste ar naíolann, idir trí bliana agus cúig bliana d’aois, a chruthaítear cuid mhór dá phearsantacht, dá chumas foghlama, dá choinsias,’ a deir Anita Lemoine.

Díríonn Adalberto de Souza Lopes a mhéar ar fhógra atá crochta ar bhalla oifig na naíolainne. ‘Oideachas a chur ar leanaí ionas nach gá píonós a thabhairt dóibh níos moille sa saol’ atá scríofa air, teachtaireacht lom a thagraíonn do shaol crua an cheantair, mar a bhfuil deiseanna fostaíochta gann.

“Muna dtugtar réamscolaíocht do pháiste, ní fhoghlaimíonn sé nós na foghlama,” a deir Adalberto de Souza Lopes. “Agus tá fadhb mhór agat ansin: duine fásta aineolach.”

Fág freagra ar '‘Oideachas ionas nach gá píonós’ – cuairt ar naíolann i gcathair Salvador na Brasaíle'

  • Fearn

    Mo ghreidhn na hOllainnigh sa chás seo!