Oíche fhada chrua i ndán d’ fhoireann Andy Friend

Tá Cúige Laighean ar thóir an t-aonú bua déag as a chéile san URC le cur lena gcuriarracht

Oíche fhada chrua i ndán d’ fhoireann Andy Friend

Is deacair tada eile seachas bua, ceann cuimsitheach freisin, a thuar do Chúige Laighean anocht agus iad san RDS i gcoinne Chúige Chonnacht. Tá Cúige Laighean ar thóir an t-aonú bua déag as a chéile san URC le cur lena gcuriarracht – bua i chuile chluiche in dhá chomórtas ó thús an tséasúir seo. Ní hionann an cás do na Connachtaigh é, faraor, foireann atá sa dara háit déag ar thábla an chomórtais, seacht bpointe is fiche taobh thiar de na Laighnigh, foireann atá ar a bharr.

Bhí an-mhí-ádh ar na Connachtaigh agus iad ag imirt ar an mBóthar Beag an tseachtain seo caite nuair a ghéill siad cluiche do na hUltaigh, 22-20. Ní hamháin gur theip ar na Connachtaigh aon bhuntáiste a bhaint as imirt sa mbaile, ach lig bróg Jack Carty síos go dona iad nuair a theip air cúpla cic a bhí sách éasca a shlánú.

Ní raibh an dara rogha acu ach a bheith sásta, uair amháin eile, le pointe amháin bónais ón gcoimhlint. Ní hamháin sin, cuireann an liosta fada imreoirí atá faoi chúram an dochtúra faoi láthair leis an dúshlán atá roimh na Connachtaigh anocht.  Mar bharr ar an mí-ádh, tá Leo Cullen ag cur neart imreoirí sinsearacha chun páirce. Sea, seans maith go bhfuil oíche fhada, chrua agus neart fulaingthe i ndán d’ fhoireann Andy Friend.  Níl de rogha ag na Connachtaigh ach cur chun troda. Mar sin féin, míorúilt a bheas ann má bhíonn an lá le foireann na Gaillimhe.

Roimhe sin, tráthnóna inniu tabharfaidh Cúige Mumhan, foireann eile a chaill, ar éigean, an deireadh seachtaine seo caite faoi Chúige Uladh i mBéal Feirste. Ach an oiread le Cúige Chonnacht, bhí an mí-ádh ceart ar Chúige Mumhan nár thug siadsan an lá leo i Luimneach i mBabhta 10 agus iad i gcoinne Laighean. Níor scar ach pointe amháin iad, 21-20, ag deireadh chluiche a bhí fisiciúil agus fíochmhar, toradh a thabharfadh dóchas do go leor foirne, ach amháin gur ag imirt  i gcoinne foireann dara rogha Laighean a bhí foireann chéad rogha imreoirí na Mumhan.

Beidh Cúige Mumhan ag cur chun páirce inniu agus gan fáil acu ar roinnt dá gcuid imreoirí sinsearacha de bharr an prótacal imeartha idirnáisiúnta a chiallaíonn go gcaithfear scíth a thabhairt do leithéidí Peter O’Mahony, Joey Carbery agus Tadhg Beirne.

Mar sin féin tá Cúige Mumhan iad féin i gcruachás agus léirigh a gcuid gníomhartha i gcoinne na hAfraic Theas nach bhfuil aon fhaitíos orthu roimh dhúshláin. An bhfuil ar a gcumas teacht ar an imirt agus ar an sprid sin arís? Tá fios ag Cúige Mumhan freisin go n-ardóidh bua le ceithre phointe suas ón aonú háit déag ar an tábla iad.

Tá a gcéad rogha imreoirí ag dul chun páirce do na hUltaigh ach mar sin féin caithfidh said a bheith an-chúramach ar fad inniu.  Tá fios maith acu gur lig siad na maidí le sruth i nGaillimh seachtain ó shin agus gurb é an t-ádh seachas dea-imirt a rug an bua sin dóibh. Seans gurb é an cluiche seo rogha na gcoimhlintí inniu.

Fág freagra ar 'Oíche fhada chrua i ndán d’ fhoireann Andy Friend'