‘Oibríonn sé amach réasúnta maith’ – oifigeach Gaeilge gan aon Ghaeilge ag an Roinn Sláinte

Deir Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta gur ait an scéal é nach bhfuil Gaeilge ag oifigeach Gaeilge na Roinne Sláinte

‘Oibríonn sé amach réasúnta maith’ – oifigeach Gaeilge gan aon Ghaeilge ag an Roinn Sláinte

Is ‘ait’ agus ‘míshásúil’ an scéal é nach bhfuil Gaeilge ag oifigeach Gaeilge na Roinne Sláinte, dar le Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, Catherine Connolly.

Duine de thoscaireacht ón Roinn Sláinte a bhí os comhair an choiste Gaeilge i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné, a dheimhnigh nach raibh Gaeilge ag Oifigeach Gaeilge na Roinne.

Dúirt Muiris O’Connor, Rúnaí Cúnta i rannóg taighde na Roinne, gur thuig sé cén fáth go mba ait le Cathaoirleach an Choiste nach mbeadh Gaeilge ag an Oifigeach Gaeilge ach go raibh “ciall” ag baint leis an socrú go mbeadh an duine sin lonnaithe i Rannóg Pearsanra na Roinne, mar atá an té a bhfuil cúram na Gaeilge faoi láthair uirthi.

Dúirt an státseirbhíseach sinsearach go mbíonn an tOifigeach Gaeilge ag plé leis na rannóga go léir sa Roinn agus go raibh ciall dá bharr sin leis an socrú gur duine sa Rannóg Pearsanra a bheadh ann.

“Oibríonn sé amach réasúnta maith,” a dúirt sé.

Dúirt duine eile den toscaireacht, Gráinne Duffy, Oifigeach Pearsanra sa Roinn, go bhfuil Gaeilge aici féin cé nach bhfuil sí líofa agus gur chuici a bhíonn an tOifigeach Gaeilge nach bhfuil Gaeilge aici ag tuairisciú.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo anuraidh, níl oifigeach Gaeilge lánaimseartha fostaithe ag an aon cheann den 16 roinn rialtais agus níl aon oifigeach Gaeilge ar chor bith ag 11 roinn díobh sin.

Níl oiread agus duine amháin ceaptha in aon roinn rialtais atá ag obair mar oifigeach Gaeilge amháin agus tá oifigigh Ghaeilge a bhfuil cúraimí eile chomh maith le cúram na teanga orthu i gcúig roinn rialtais –An Roinn Sláinte ina measc.

Níl aon oifigeach Gaeilge ar chor ar bith ag an 11 roinn eile, nó 69% de na ranna stáit.

Dúirt formhór na nAirí rialtais anuraidh nach raibh aon chúram ag a ranna le hoifigeach Gaeilge.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe, atá freagrach as polasaí earcaíochta an Stáit i dtaobh na Gaeilge, nach raibh aon oifigeach Gaeilge sa roinn sin agus nach raibh aon phost sa roinn ar chor ar bith a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Idir an dá linn, tugadh le fios ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inné go raibh ar chumas 11 duine sa Roinn Sláinte, nó 2.25% den 490 duine ar fhoireann na Roinne, seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil. Níl ach post amháin sa Roinn, áfach, atá aitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leis.

Chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív i leith an Aire Sláinte Simon Harris arís ag cruinniú an lae inné i dTithe an Oireachtais gur bhuail sé bob ar dhaoine maidir lena chinneadh diúltú do rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla.

Nuair a bhí an dréachtreachtaíocht á plé sa Dáil, dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gurbh í an phríomhchúis nach bhféadfaí glacadh le leasú a cheadódh rabhadh sláinte Gaeilge ar na deochanna ná go gcuirfeadh a leithéid moill mhór ar achtú an Bhille.

Nach mór trí mhí i ndiaidh don Dáil glacadh leis an mBille Alcóil, áfach, dúirt an tAire Harris nach raibh dréachtrialacháin a bhaineann leis na lipéid curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go fóill. 

Bhí iontas ar bhaill Choiste Oireachtais na Gaeilge inné nach raibh toscaireacht na Roinne Sláinte ar an eolas faoi scéal na lipéad dátheangach ná faoi mhaíomh an Aire Harris go raibh taighde aige go gcuirfeadh lipéid dá leithéid mearbhall ar dhaoine.

Fág freagra ar '‘Oibríonn sé amach réasúnta maith’ – oifigeach Gaeilge gan aon Ghaeilge ag an Roinn Sláinte'

  • Timothy O Sullivan

    A leithéad de ráiméis agus cacamas níor chuala ríamh !!

  • Eoghan Ó Néill

    Ní haon rud pearsanta in aghaidh lucht na Gaeilge atá i ndearcadh na nAnglos seo, tá an rud céanna i dTrumplandia in aghaidh na Latinos faoi láthair. Ba chóir go mbeadh seirbhís ar fáil i dteanga na nGael ina dtír fhéin.

  • Orlaith Ruiseal

    Mo náire orainne agus glacadh le seo!

  • Pilib Ó Duinn

    Caithfidh sé go bhfuil tú óg go leor, a Thaidhg, mar tá a mhacasamhail ag dul ar aghaidh go seoigh le blianta. Bhéadh mearbhall ormsa dá mbéadh aon rud fiúntach ar siúil acu!

  • Seán Mag Leannáin

    Tá mé idir ghol is gháire. Oifigeach Gaeilge gan Ghaeilge! 100 bliain ar aghaidh ón Chéad Dáil. B’fhéidir go bhfuil an ceart ag SimonHarris… go gcuirfeadh lipéid dhátheangacha mearbhall ar fad orainn!

    “Chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív i leith an Aire Sláinte Simon Harris arís ag cruinniú an lae inné i dTithe an Oireachtais gur bhuail sé bob ar dhaoine maidir lena chinneadh diúltú do rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla… go raibh taighde aige go gcuirfeadh lipéid dá leithéid mearbhall ar dhaoine.”