Tá ocht n-ainmniúchán faighte ag an mbanna ceoil Kneecap ar ghearrliosta Ghradaim NÓS 2025.
Tá na rapálaithe as Béal Feirste – a bhfuil cúpla Gradam NÓS buaite acu cheana féin – ainmnithe do Bhanna Ceoil na Bliana, agus d’Ealaín na Bliana. Tá dhá fhíseán dá gcuid – ‘Love Making’ agus ‘Sick in the Head’ ainmnithe don ghradam ‘Físeán na Bliana’ agus tá ceithre amhrán dá gcuid ainmnithe sa rannóg nua ‘Amhrán Dátheangach na Bliana’.
Tugtar aitheantas sa rannóg nua sin d’amhráin dhátheangacha. Caithfidh 25% ar a laghad de liricí na n-amhrán dátheangach a bheith i nGaeilge agus caithfidh 75% ar a laghad de liricí na n-amhrán sa chatagóir ‘Amhrán na Bliana’ a bheith i nGaeilge. Níor ainmníodh aon amhrán de chuid Kneecap sa rannóg sin.
D’éirigh go maith le Súil Amháin freisin agus ceithre ainmniúchán faighte ag an rapálaí Muimhneach. Tá a amhrán ‘Caochpholl’ ainmnithe d’Amhrán na Bliana, tá a albam athPhORT ainmnithe d’Albam na Bliana agus d’Ealaín na Bliana, agus tá sé ainmnithe do Cheoltóir Aonair na Bliana.
Ceithre ainmniúchán atá faighte ag an mbanna ceoil IMLÉ freisin agus dhá amhrán dá gcuid ainmnithe d’Amhrán na Bliana – ‘Peacach’ agus ‘Sláinte’. Tá an t-amhrán ‘Sláinte’ ainmnithe d’Fhíseán na Bliana freisin agus tá an banna féin ainmnithe sa chatagóir ‘Banna na Bliana’.
Painéal moltóirí a roghnaigh na ceoltóirí a bhain an gearrliosta amach, painéal ar a bhfuil ionadaithe ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Féile na Gealaí agus NÓS é féin.
Bronnfar Gradaim NÓS 2025 ag ócáid speisialta san Oh Yeah Music Centre i mBéal Feirste, Dé hAoine an 21 Feabhra. Beidh cuid de na ceoltóirí atá ainmnithe sna naoi rannóg ag casadh ar an oíche. £16 atá ar na ticéid don searmanas bronnta agus is féidir ceann a cheannach anseo.
Seo a leanas na hainmniúcháin go léir:
Amhrán na Bliana
Caochpholl – Súil Amháin + Bantum (le Ribe Róibéis)
Caoine – RÓIS
Cé a bheas thíos leis? – SÉiMí + Color Hermano
HEART – Amano + Kalabanx (le Liam Ó Maonlaí)
Peacach – IMLÉ
Sláinte – IMLÉ
Amhrán Dátheangach na Bliana
Crónán na Sruthán – Clare Sands
Drug Dealin Pagans – KNEECAP
Fine Art – KNEECAP
Na Na – Torby
Sick in the Head – KNEECAP
Way Too Much – KNEECAP
Albam na Bliana (Nuacheol)
Allt Vol. II: Cuimhne – Julie Fowlis, Eamon Doorley, Zoe Conway, John McIntyre
athPhORT – Súil Amháin + Bantum
Ceantar + Alltar – CAOIMHÍN
Fíoruisce: The Legend of the Lough – John Spillane
Gormacha – Clare Sands
THREAD – Amano + Kalabanx
Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
Airneán – Notify
Cá’il an Bheirt? – An Chéad Ghlúin Eile
Do Shamhlaigh Mé Tír Nua – Macdara Ó Faoláin
Donegal – Altan
Ealaín na Bliana
Allt Vol. II: Cuimhne – Julie Fowlis, Eamon Doorley, Zoe Conway, John McIntyre
athPhORT – Súil Amháin + Bantum
Cuan – Aoife Welby
Fine Art – KNEECAP
Gormacha – Clare Sands
Siúlóid – Deoraí
Físeán na Bliana
Caoine – RÓIS
Love Making – KNEECAP
Na Daoine Maithe – Seosamh Mac
Na Na – Torby
Sick in the Head – KNEECAP
Sláinte – IMLÉ
Nuatheachtaí na Bliana – Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí
James Shannon
Lullahush
Macdara Ó Faoláin
SÉiMí
Seosamh Mac
The Shan Vans
Ceoltóir Aonair na Bliana
Eoghan Ó Ceannabháin
Clare Sands
Diane Cannon
Piaras Ó Lorcáin
Róisín Seoighe
Súil Amháin
Banna na Bliana
An Chéad Ghlúin Eile
Colm Seoighe + na hEasógaí
Grooveline
Huartan
IMLÉ
KNEECAP
Fág freagra ar 'Ocht n-ainmniúchán do Kneecap ar ghearrliosta Ghradaim NÓS 2025'