Ocht léine dheas fhaiseanta don séasúr nua…

Tá ocht gcinn de léinte atá feiliúnach d’ócáidí oibre agus sóisialta roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí, agus iad ar fáil ar idir €27 agus €60

Ocht léine dheas fhaiseanta don séasúr nua…

Cuireann léine dheas cuma dhea-ghléasta ar dhuine i gcónaí. Tá léine a chaitear le sciorta nó le treabhsar dea-ghearrtha an-oiriúnach don té atá i mbun obair oifige ach más stíl neamhfhoirmeálta atá uait d’ócáid shóisialta bíonn léine agus jíons an-deas freisin.

Chuaigh mé ag siopadóireacht ar thóir léinte deasa do shéasúr an earraigh agus d’aimsigh mé na cinn seo ar phraghsanna idir €27 agus €60.

 

Léine dhúghorm spotach ó River Island ar €50

Léine fhada leathan í an ceann seo leis na spotaí atá faiseanta faoi láthair. Seo léine chompordach go cinnte.

 

Léine ghorm le muinchillí gearra ó Mango ar €35.99

An dearadh ón tseanré a mheall mé i dtreo an chinn seo. Is breá liom an dath álainn gorm agus an cába spéisiúil.

 

Léine uaine ar stíl mhíleata ó H&M ar €34.99

Ní imíonn an stíl seo léine as faisean riamh agus is ón réimse ar a dtugann siad ‘Conscious’ ag H&M an ceann seo. Tá na cinn seo dírithe ar dhaoine ar cás leo an timpeallacht.

 

Léine stríocach dubh agus bán ó Oasis ar €50

Thaitin léinte dubh agus bán go mór liom féin i gcónaí. Seo ceann eile le cába an-deas. Bheadh an léine seo thar cionn le caitheamh ag an obair nó ar oíche shóisialta sa mbaile mór.

 

Léine ar dhath an mhustaird ó Dorothy Perkins ar €35

Ní duine mé a chaitheann dathanna ró-gheala an-mhinic ach ar chúis éigin is breá liom go mór an léine seo ar dhath an mhustaird. Margadh maith an ceann seo ar phraghas réasúnta.

 

Léine ghorm ó Zara ar €59.95

An fhabraic thiubh an rud is fearr liom faoin gceann seo mar tugann sí struchtúr ar leith don léine. Seo an ceann is daoire ar fad i mo rogha don earrach seo.

 

Léine le prionta an tíogair ó Warehouse ar €51

Tá prionta ainmhithe fós sa bhfaisean, mar a bhí le bliain anuas.  Tá an ceann seo níos fíneálta agus níl na dathanna chomh gléineach agus a bhíonn i bpriontaí den chineál seo go minic.

 

Léine bhán ó Next ar €27

Ní gan chúis a thugann Next an ‘white perfect shirt’ ar an gceann seo. Aisteach go leor níl sé éasca teacht ar léine bhán atá foirfe ar gach bealach eile ach bheinnse an-sásta leis an gceann seo. 

Fág freagra ar 'Ocht léine dheas fhaiseanta don séasúr nua…'