Ocht gcinn de bharraí seampú atá go maith don ghruaig agus don timpeallacht

Deis leis an lorg carbóin a laghdú agus tacaíocht a thabhairt do thionscail dhúchasacha in am seo na práinne

Ocht gcinn de bharraí seampú atá go maith don ghruaig agus don timpeallacht

Is cosúil go bhfuil fás ag teacht le tamall anuas ar an margadh do bharraí seampú mar mhalairt ar leacht seampú i mbuidéil plaisteach.

Deir lucht a ndéanta gur fearr iad don ghruaig agus don timpeallacht.

Is minic gur comhábhair nádúrtha agus orgánacha a bhíonn iontu agus go mbíonn siad saor ó shulfáití. Deirtear freisin go bhfuil siad níos saoire ná an leacht seampú mar go mairfidh barra seampú trí huaire níos faide ná an leacht sa mbuidéal. 

Tá siad cosúil go maith leis an mbarra gallúnaí ach go bhfuil comhábhair eile iontu atá oiriúnach do chúram gruaige chomh maith le tuilleadh sobal seampú a dhéanamh. 

Agus muid ag bogadh i dtreo saol níos glaise le comhrialtas nua nach bhfuil sé in am againn triail a bhaint as an mbarra seampú? Cinn Éireannacha is ceart a roghnú ó tharla gur gá an lorg carbóin a laghdú agus tacaíocht a thabhairt do thionscail dhúchasacha tráth a bhfuil deacrachtaí móra eacnamaíochta le sárú.

Seo cuid de na barraí seampú a dtug mé féin suntas dóibh.

 

Janni Sea Shampoo Bar ar fáil ó Little Green Shop ar €7.90

Seo barra ina n-úsáidtear roinnt de na comhábhair nádúrtha is coitianta atá le fáil ar chósta na tíre seo, an fheamainn agus an carraigín. Tá ola lus an phiobair agus oráiste curtha leis chun boladh deas a chur air agus ar do chuid gruaige.  

 

Avocado & Jojoba Shampoo Bar ar fáil ó The Donegal Natural Soap Company ar €7.95

Isobel Sangha atá in cónaí sna Gleannta i dTír Chonaill a dhéanann an barra seo. As iarrachtaí a bhí ar bun aici teacht ar ábhar a chabhródh léi feabhas a chuir ar an eachma a bhí ar a mac a d’fhorbair sí an táirge seo. Tá ola jojoba ann, ceann de na holaí aghaidhe is fearr liom féin agus blátholaí curtha leis le boladh deas a chuir air. 

 

Photograph by Yvonne Vaughan Photography.

Lemon Chamomile Soap Bar ar fáil ó Airmid ar €11.95

Deir úinéirí an chomhlacht Airmid as contae an Chláir go bhfaigheann siad inspioráid ó na radharcanna áille sa Bhoirinn. Cosúil go maith le Isobel Sangha sna Gleannta is mar gheall ar pháiste a raibh ailléirge aige a chuaigh Airmid i mbun gnó, ag táirgeadh barraí gallúnaí agus seampú. Ola líomóide sa úsáidtear le boladh a chur ar an gceann seo.

 

 Shampoo Bar with Rosemary, Rosewood & Geranium ar fáil ó Skellig Soaps ar €9

Deir lucht Skellig Soaps as contae Chiarraí nach bhfágann an próiseas a úsáideann siad ina gcuid oibre aon dramhaíl le dumpáil. Tá comhábhair iontacha in úsáid sa gceann seo freisin – ola almóinne agus marós. Gruaig shláintiúil ghlan a ghealltar duit. 

 

Cider and Ginger Shampoo Bar ar fáil ó Lucy’s Soap Kitchen ar €7.50

Úsáideann Lucy Lee as contae Liatroma leann úll ó chontae na Mí sa mbarra seo. Deir sí go n-oibríonn an ceann seo go maith mar fheabhsaitheoir freisin agus go bhfuil sé thar cionn d’fhir agus do mhná. 

 

Orange Peel and Ylang Ylang Solid Shampoo ar fáil ó Three Hills Soap ar €11.70

As Baile Átha Cliath a thagann Three Hills Soap chugainn agus is féidir canna beag in-athúsáidte a cheannacht leis an gcéad bharra mar áis lena stóráil. Tá tuirmiric sa gceann seo, comhábhar atá iontach dóibh siúd a bhfuil gruaig fhionn orthu. Cabhraíonn sé leis an dath a choinneáil breá bríomhar.

 

Unscented Shampoo ar fáil ó Palm Free ar €4.95

Tá daoine ann gur fearr leo táirgí gan aon chumhracht, go speisialta iadsan a bhfuil a gcraiceann leochaileach nó a mbíonn ailléirgí ag cur as dóibh. Rogha mhaith dóibh an ceann seo ó chomhlacht veigeánach as contae an Chláir. Tá comhábhair an-mhaith ann leis an ngruaig a fhágáil deas bog agus an craiceann a choinneáil sláintiúil freisin. 

 

Shampoo Soap le Deborah Neill ar fáil idir £2.50 agus £7.50

As Tuaisceart Éireann an ceann seo agus úsáidtear ola síol ráibe áitiúil ann.  Ta olaí ricne agus abhacád ann freisin chomh maith le lus an phiobair agus marós le boladh deas a chur air.

Fág freagra ar 'Ocht gcinn de bharraí seampú atá go maith don ghruaig agus don timpeallacht'