Plean geallta chun úsáid na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad a spreagadh

Bunófar Grúpa Stiúrtha Dála agus Grúpa Stiúrtha Seanaid chun faireachán a dhéanamh ar an gcuspóir atá ag Tithe an Oireachtais cur leis an méid Gaeilge a labhraítear ansin

Plean geallta chun úsáid na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad a spreagadh

Tá geallta ag Tithe an Oireachtais go bhfuil obair ar bun chun cur leis an méid Gaeilge a úsáidtear sa Dáil agus sa Seanad.

Sheol Seirbhísí Thithe an Oireachtais Straitéis na Gaeilge, 2021 an tseachtain seo agus é mar aidhm léi é a dhéanamh níos éasca do chomhaltaí agus don phobal an Ghaeilge a úsáid agus iad ag déanamh a ngnó go laethúil.

“Cuirfidh an tSeirbhís tacaíocht ar fáil chun go mbainfear úsáid níos mó as an nGaeilge sa dá Theach trí thacaí a sholáthar do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí, agus oibreoimid chun cur de réir a chéile leis an méid Gaeilge a labhraítear sa dá Theach,” a deirtear sa straitéis nua.

Bunófar Grúpa Stiúrtha Dála agus Grúpa Stiúrtha Seanaid chun faireachán a dhéanamh ar an gcuspóir sin.

Léirigh anailís Tuairisc.ie in 2018 nach raibh ach 0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge.

Deirtear sa straitéis nua go gcuirfear leis an “raon tacaí agus acmhainní a chuirtear ar fáil” dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid nó a gcumas teanga a fheabhsú.

Tá sé i gceist ag Seirbhísí Thithe an Oireachtais sraith imeachtaí Gaeilge a fhorbairt ar líne agus ar an láthair. Orthu sin beidh comóradh ar Cholm Cille agus imeachtaí de chuid ‘Deich mBliana na gComórthaí’.

Fág freagra ar 'Plean geallta chun úsáid na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad a spreagadh'