The Associate
Sraith nua ón gceardaí Guy Ritchie a dhíríonn ar theaghlach coiriúlachta Éireannach i Londain. Cliar cuidsúlach anseo le Pierce Brosnan agus Helen Mirren mar bheirt cheann feadhna an teaghlaigh agus Tom Hardy mar ghiolla gualainne acu. Paddy Considine sa chliar chomh maith. Sé an tÉireannach Ronan Bennet a sholáthraigh an scéal is an script.
The Walsh Sisters
Sa tsraith sé chlár seo ó RTÉ tabharfar úrscéalta Marian Keyes faoi mhuintir Walsh chuig an scáileán beag. Díreofar ar theaghlach mífheidhmiúil, éigiallta na mBreathnach mar a bhfuil cúigear deirfiúracha sna fichidí agus tríochaidí, máthair fhulangach agus athair a bhfuil mearbhall air.
The Last of Us
Ar deireadh thiar beidh an dara séasúr den tsraith cháiliúil, thathagach seo chugainn. Bhain an saothar diostóipeach, iar-apacailipteach siar as an lucht féachana nuair a craoladh é tarrac ar dhá bhliain ó shin. Sí tuairim na coitiantachta gur ceann í de na sraitheanna is fearr a tháinig chugainn le dornán blianta. Beidh Pedro Pascal agus Bella Ramsey thar n-ais chugainn mar Joel and Ellie. Beidh na heachtraí suite cúig bliana níos déanaí agus cuirfear raidhse carachtar nua os ár gcomhair.
The Bear
Ós ag trácht ar shaothair ár linne mé beidh saothar tréitheach eile ag teacht chugainn in 2025, an ceathrú gála de The Bear. Beidh na carachtair chaithiseacha céanna ag teacht thar n-ais chugainn den uair dheireanach. Cinneadh stuama é deireadh a chur leis an tsraith sara n-imeodh an ghaoth as na seolta agus beimid ar tinneall ag iarraidh fáil amach cad atá sa chinniúint do Charmy agus a bhialann.
The Handmaid’s Tale
Saothar eile a bheidh ag teacht chun críche ná The Handmaids’s Tale, agus é in am go maith aige. Bhain an chéad séasúr stangadh as an lucht féachana nuair a craoladh é in 2017. Léiriú tomhaiste ar dhomhan diostóipeach Margaret Atwood. D’imigh an ghaoth as na seolta beagáinín ina dhiaidh sin ach bhí aisteoireacht iontach Elisabeth Moss mar mháithreacha leis an saothar i gcónaí. Arís eile beidh an lucht féachana ar cipíní agus scéal carachtar a bhfuil gean acu uirthi ag teacht chun críche.
Andor
Táthar ag maíomh go bhfuil an tsraith seo ar cheann de na cinn is fearr ó dhomhan aduain Star Wars. Is cinnte go raibh nimh faoi leith sa chéad séasúr a scarann é ón iliomad saothar atá Disney ag taoscadh chugainn. Cé go bhfuil deireadh an scéil ar eolas againn ó scannán Rogue One tá dúil againn filleadh ar eachtraíocht Cassian Andor (Diego Luna).
Saothar gan ainm le Vince Gilligan
Sé Vince Gilligan an saoiste a thug Breaking Bad agus Better Call Saul chugainn; é mar scríbhneoir agus léiritheoir mar aon le cúpla clár a stiúradh. Ní haon iontas mar sin go mbeadh dúil thar na bearta ag an lucht féachana sa chéad saothar eile uaidh. Níl ainm air seo go fóill agus cad é rúndacht faoi. Tá a fhios againn go mbeimid thar n-ais in Albuquerque, New Mexico ach ní bheimid i ndomhan Breaking Bad. Deirtear linn go dtosóidh an scéal i ndiaidh don ‘domhan athrú go hobann’. Ó tharla gur thosaigh Gilligan le The X-Files d’fhéadfadh aon rud a bheith i gceist leis sin.
House of Guinness
Leagan Guinness de shraith Succession atá anseo, b’fhéidir. Nuair a éagann Benjamin Guinness, ceann feadhna theaghlach Guinness agus a ngrúdlann cháiliúil, fágtar folús ollmhór. Téann a chlann, Arthur, Edward, Anne agus Ben i bpíobáin a chéile. Anthony Boyle agus Jack Gleeson sa chliar.
Fág freagra ar 'Ó theaghlaigh choiriúlachta go cistineacha suaite'