Críoch tagtha le cnuasach móreachtraíochta agus móréilimh The Hunger Games, agus borradh curtha in athuair faoi fhathach George Lucas, Jurassic Park agus The Terminator. James Bond ar a sheanléim, Johnny Depp ag léiriú carachtair a raibh ráflaí ann tráth go raibh sé ar a theitheadh i gConamara agus Ciarraíoch mar Steve Jobs. B’shin cuid de na táirgí a tháinig os ár gcomhair i mbliana. Níorbh fhiú an deich triuf cuid acu ach bhí sméara mullaigh ann chomh maith, cinn Éireannacha ina measc.
Star Wars: Pé acu arb áin leat é nó nach áin, tá an fathach ar ais i lár an aonaigh. Tá gaisce déanta ag J.J. Abrams as an gcnuasach a chur ar ais ar a bhonnaibh. Na seanfhondúirí ar ais agus glúin nua ar an bhfód leis an eachtraíochta a choimeád sa tsiúl. É sin ar fad agus Sceilg Mhichíl.
Foxcatcher: Ghnóthaigh Steve Carell ainmniúchán Oscar don léiriú a dhein sé ar an milliúnaí cor John E Dupont sa scannán gruama, machnamhach, lán teannais seo. Léirítear an chomhghuaillíocht idir é féin, deartháireacha Schultz agus an chuid eile d’fhoireann iomrascála Mheiriceá is iad ag iarraidh an svae a thabhairt leo ag na Cluichí Oilimpeacha.
The Theory of Everything: Is é Eddie Redmayne a fuair an fear maith ar Steve Carell ar oíche Oscar agus is beag duine a d’áiteodh go raibh sé tuillte aige. Beathaisnéis mhothúchánach Stephen Hawking a thugann éachtaint ar a chuid oibre, a shaol pearsanta agus a aistear truamhéalach chun na cathaoireach.
Birdman: Aisteoir é Riggan a bhfuil a bhuille mar phiarda mór tugtha. D’fhonn iarracht a dhéanamh a shaol aisteoireachta a athnuachan, tugann sé faoi dhráma a léiriú ar Broadway ach tá a mhuintir féin agus a mheon féin ina dhris chosáin. Scannán ait, greannmhar, cumasach le taispeántas ábalta ó Michael Keaton.
Whiplash: Drumadóir óg, cumasach ag freastal ar scoil cheoil mar a bhfuil múinteoir tíoránach á chiapadh agus á spreagadh. Taispeántas den chéad scoth ó J.K Simmons, a ghnóthaigh an duais Oscar i ról tánaisteach dó.
Still Alice: Scannán eile ina bhfuil taispeántas den scoth mar mháithreacha aige. Anseo tugann Julianne Moore léargas ar Ollamh Ollscoile atá ag fulaingt le galar Alzheimer. Bronnadh duais Oscar uirthi as ucht a taispeántais.
Glassland: Scannán machnamhach, mothúchánach a thugann éachtaint ar an ngaol mífheidhmiúil, achrannach, corraithe atá idir fear óg (Jack Traynor) agus a mháthair (Toni Collette), gur alcólach í. Taispeántais thar na bearta ón mbeirt cheann feadhna.
Amhrán na Mara: Deineadh leagan Gaeilge agus Béarla den scannán seo agus d’éirigh leis an leagan Béarla ainmniúchán Oscar a fháil. Saothar álainn, ceolmhar agus samhlaíoch le cliar iontach.
Brooklyn: Taispeántas thar na bearta ó Saoirse Ronan agus tá sí á lua le duais Oscar an bhliain seo chugainn cheana féin. Scannán rómánsúil, maoithneach, brónach bunaithe ar úrscéal den teideal céanna le Colm Tóibín.
The Martian: Scannán aicsin agus fiscean-eolaíochta ina bhfuil scéal an-mhaith agus aisteoireacht ábalta ón gceann feadhna. Díríonn seo ar spásaire atá sáinnithe ar Mars agus a chuid iarrachtaí fanacht beo.
An Klondike: Is mar scannán, seachas mar shraith, a d’fhéachas air seo agus caithfear aitheantas a thabhairt do tháirge uaillmhianach TG4. Cruthaíodh an baile agus tréimhse go paiteanta agus bhí aisteoireacht den scoth le sonrú.
Colin Ryan
Tá go maith. Ach nach bhfuil suim ag na hÉireannaigh i scannáin a rinneadh i Rúisis, i bhFraincis, i Spáinnis? Ait an scéal, más ea.
Tuigim
Amhrán na Mara is fearr.