Fanacht eile ar chearta maidir le taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge

Deir an Rialtas gur d’aon ghnó nár leagadh síos aon spriocam sa reachtaíocht teanga i dtaca le hainmneacha agus seoltaí mar gur tuigeadh nach dtarlódh sé ‘thar oíche’

Fanacht eile ar chearta maidir le taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge

Beidh tamall eile ann sula leagfar dualgas ar aon chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbíonn an ceart ag duine ar ainm agus seoladh Gaeilge atá litrithe i gceart.

Tugadh feidhm anuraidh do na forálacha san acht teanga a bhaineann le cosaint a thabhairt d’úsáid agus taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge, úsáid chruinn an tsíneadh fada san áireamh.

Ach níl an rialtas ábalta a rá cén uair a chuirfear dualgas ar chomhlachtaí poiblí an chosaint sin a thabhairt do dhaoine.

Faoin reachtaíocht teanga leagfar dualgas ar chomhlachtaí poiblí i leith ainmneacha agus seoltaí daoine trí fhororduithe a dhéanamh.

Chomh maith leis sin beidh ar Aire na Gaeltachta cead a fháil ó na hairí atá freagrach as na comhlachtaí poiblí éagsúla an dualgas nua i leith ainmneacha agus seoltaí a chur orthu.

Agus ceist Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, á freagairt, dúradh gur d’aon ghnó nár leagadh síos aon spriocam sa reachtaíocht i dtaca leis na hainmneacha agus seoltaí. Ó tharla nach bhfuil cúram na Gaeltachta aistrithe go hoifigiúil go dtí roinn nua go fóill, ba é an tAire Patrick O’Donovan, a d’fhreagair an cheist:

“Ní mór a bheith soiléir sa mhéid seo, nach bhfuil aon sprioc-am reachtúil leagtha síos i leith fhorordú comhlachtaí poiblí chuig na forálacha seo. Go deimhin, rinneadh é seo d’aon turas mar gur tuigeadh ag an am gur obair straitéiseach é seo nach dtarlódh thar oíche.”

B’amhlaidh an scéal i gcás chóras na gcaighdeán teanga ó tharla go bhfuil comhlachtaí poiblí le forordú faoin gcóras sin chomh maith,” a dúirt an tAire.

Tá córas na gcaighdeán le tabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta, scéimeanna a chuireann ceangal orthu seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge.

Faoin gcóras nua leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Dúirt O’Donovan go mbeadh “dlús” faoin obair atá á déanamh ar chóras na gcaighdeán agus ar gnéithe eile den reachtaíocht “sa chéad leath de 2025”.

Dúirt Patrick O’Donovan go rabhthas ag súil “le níos mó a fhógairt faoi sin go léir sa tréimhse amach romhainn”.

Dúradh sa nóta eolais a cuireadh ar fáil d’Aire nua na Gaeltachta, Dara Calleary go mbeadh na chéad chaighdeáin á bhfoilsiú roimh dheireadh na míosa seo ach ní dócha go dtarlóidh sin anois.

Tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin ar an rialtas, a deir siad atá ag “cur i gcéill” mar gheall ar fheidhm cheart a thabhairt do ghnéithe den reachtaíocht teanga a foilsíodh ag deireadh na bliana 2021.

Sháraigh Aire na Gaeltachta, an t-acht teanga, mar shampla, nuair a sáraíodh sprioc thábhachtach maidir le seirbhísí Gaeilge. Faoin Acht ba ghá d’Aire na Gaeltachta dáta a roghnú os cionn dhá mhí ó shin faoi cén uair a chuirfear gach seirbhís phoiblí ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht.

Thug Patrick O’Donovan le fios go mbeadh an spriocdháta á fhógairt as seo go ceann cúpla mí agus go leagfaí síos “dáta nó dátaí réalaíocha agus insroichte, a chothóidh muinín phobal na Gaeltachta in úsáid oifigí agus seirbhísí poiblí Gaeltachta trí Ghaeilge de réir a chéile, sa chás nach bhfuiltear á n-úsáid cheana féin dar ndóigh.”

Fág freagra ar 'Fanacht eile ar chearta maidir le taifead cruinn ar ainmneacha, seoltaí, agus teidil i nGaeilge'

  • Ciarán Ó Cofaigh

    An sean scéal céanna go deo, deo. Níl aon cheist “nach bhfuil aon sprioc-am reachtúil leagtha síos” agus “rinneadh é seo d’aon turas”, mar a deir O’Donavan. Níl aon inniu ná amárach fágtha ag an nGaeilge ná ag an nGaeltacht. Shílfeá go bhfuil muid buailte.

  • Fergus na Foghraíochta

    Maidir leis an síneadh fada agus bogearraí aonteangacha na mbancanna srl teastaíonn cás cúirte sa Chúirt Eorpach maidir le ainmneacha agus seolta i nGaeilge a bheith mí chruinn. Is dlí Eorpach maidir le GDPR faoin lipéid “Right to correct and right to object”
    atá á bhriseadh ag an Stát agus comhlachtaí príobháideacha ar nós AIB. Faoin dlí GDPR an AE má mheasann duine aonair go bhfuil a gcuid faisnéise pearsanta mícheart, tá siad i dteideal a iarraidh ar an Stát nó comhlacht/eagraíocht go ndéanfar an fhaisnéis sin a cheartú gan mhoill.

    Thóg Peadar Mac Fhlannacha cás cúirte sa Chúirt Eorpach sin maidir le lipeid ar tháirgí feirme agus d’erigh leis sa gCúirt. Tá sé seo i bhfad níos tromchúisí agus ní mór an Stát a thógaint chun na cúirte Eorpaí maidir le sonraí pearsanta atá míchruinn.