D’fhéadfadh an Ciste Tacaíochta Pobail atá bainteach le scéim ghaoithe na Sceirde cruth as an nua a chur ar iarthar Chonamara, a deir cathaoirleach Choiste na gComhairleoirí Contae sa taobh sin tíre.
Bhí an Comhairleoir Thomas Welby ag labhairt ag cruinniú de Chomhairle Bardasach Chonamara i nGaillimh ag ar tugadh sonraí faoi mholtaí fheidhmeannas na Comhairle Contae faoin bhfeilm ghaoithe.
Ach, a deir an Comhairleoir Welby, chaithfeadh cead pleanála a bheith ar fáil le haghaidh na feilme sula mbeadh airgead le fáil as an gciste €70 milliún.
“Ní hiondúil gur féidir an craiceann agus a luach a bheith againn,” arsa Thomas Welby.
Ach, ní raibh an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin as Bearna chomh geal ar an bhfeilm ghaoithe. “Tá sí san áit chontráilte agus d’fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh d’iascairí,” arsa an Curraoineach. “Tuige nach féidir bóthar a chur trí phortach agus gur féidir, is cosúil, cead pleanála a thabhairt ar an bhfarraige i gcás mar seo?” a d’fhiafraigh an Curraoineach.
Ní dhearna an Comhairleoir Gerry King scéal mór do phlean na gaoithe acu chuir sé ceist ar mhaithe le soiléireacht, a deir sé. “An gcoinneofar iascairí amach as limistéar na dtuirbíní gaoithe?” D’fhreagair an ceannasaí pleanála sa gComhairle Contae, Liam Hanrahan. “Ní choinneofar,” ar sé. Dúirt an Comhairleoir Eileen Mannion gur pointe tábhachtach a bhí ansin.
Plé a bhí ar bun ar an aighneacht a bheidh feidhmeannas agus Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae a chur chuig an mBord Pleanála maidir le scéim na Sceirde a bhí faoi thrácht. Féadfar caint na gcomhairleoirí a chur in aguisín leis an aighneacht sin, nó féadfaidh siad aighneacht dá gcuid féin a sheoladh chun bealaigh.
Rinne Liam Hanrahan, an ceannasaí pleanála a bhí ansin thar ceann bhainistíocht na Comhairle Contae, roinnt cainte faoin gCiste Tacaíochta Pobail atá bainteach leis an bhfeilm ghaoithe – sin má thugtar cead pleanála lena haghaidh. Thug sé le fios go mbeadh an Chomhairle Contae meáite ar a bheith bainteach leis an riarachán ar an gciste seo. Bheadh idir €60-€70 milliún sa gciste thar thréimhse fiche bliain. Dúirt sé go raibh caint déanta faoin gciste seo ag cruinnithe idir comhlacht Fuinneamh Sceirde Teo agus ionadaithe na Comhairle.
Dúirt na Comhairleoirí Eileen Mannion, Thomas Welby, an cathaoirleach, Gerry King agus Séamus Breathnach go gcaithfí a chinntiú gur i Maínis agus i gceantar Charna a bhainfí úsáid as an gciste tacaíochta ar an gcéad iarraidh, má thugtar cead forbartha
Ach tá farraige le treabhadh fós.
“Feicim muilte gaoithe ó mo theach féin [sa nGleann in Uachtar Ard],” a deir an Comhairleoir Séamus Breathnach. “Tá mé cleachta leis sin ach cuir i gcás gur feistíodh tuirbín an-ard [230 méadar an ceann is airde atá ceaptha a bheith i bhfeilm ghaoithe na Sceirde] agus é amuigh ar Loch Coirib agus é amach roimh mo dhá shúil chuile mhaidin? Cuimhnigh air sin.” Tharraing an Comhairleoir Máirtín Ó Laoi aird ar an gceist chéanna. “Ceapadh gur amuigh thart ar charraigeacha na Sceirde a bheadh an fheilm ghaoithe seo lonnaithe,” a deir Ó Laoi “ach tá cuid di i bhfad níos gaire do chósta Charna anois.”
Dúirt an Comhairleoir Breathnach go raibh Carna agus na Sceirde achar fada uaidh féin agus nach gcuirfeadh an fheilm ghaoithe ann ná as dó. Ach mar Chomhairleoir Contae, bhí sé mar dhualgas air an scéal a bhí inste dó ag roinnt daoine as Maínis agus Maíros a chur i láthair an chruinnithe. Chonaic sé go raibh fiúntas ag baint leis an bplean, a deir sé, ach chaithfí súil a choinneáil ar an dá thaobh den scéal.
Dúirt na Comhairleoirí Eileen Mannion agus Thomas Welby gur beag caidéis ar chor ar bith a cuireadh orthu féin faoin bplean don fheilm ghaoithe.
Dúirt an Comhairleoir Michael Leainde as Ros a Mhíl go raibh súil aige go mbainfí leas as calafort Ros a Mhíl dá gceadófaí feilm ghaoithe na Sceirde. Dúirt sé freisin go mbeadh iarratas nua ar chead pleanála le haghaidh forbairt a dhéanamh ar an gcalafort á chur isteach i mí na Bealtaine.
Bhí na Comhairleoirí eile ar aon fhocal leis an gComhairleoir Leainde faoi phostanna a bheith ar fáil do mhuintir na háite agus go mbainfí leas as seirbhísí áitiúla.
Dúirt Liam Hanrahan thar ceann bhainistíocht na Comhairle Contae go bhféadfadh calafoirt eile a bheith níos feiliúnaí d’oibreacha éagsúla a bhainfeadh le feilm na Sceirde, Faing agus Gaillimh, b’fhéidir. Ach bhfacthas dó go bhféadfaí go leor a dhéanamh i Ros an Mhíl? Mheabhraigh sé in athuair do na Comhairleoirí nach le Comhairle Chontae na Gaillimhe cinneadh a thógáil faoi iarratas pleanála na Sceirde. Faoi láthair, tá mí Iúil tugtha síos ag an mBord Pleanála mar thréimhse ina ndéanfar cinneadh.
Ach, is minic, a dúirt Liam Hanrahan go gcuireann an Bord Pleanála síneadh amach ar an tréimhse staidéir agus meastacháin a bhíonn acu. B’fhacthas dó go bhféadfadh sin tarlú sa gcás seo mar gur iarratas ollmhór atá i gceist. Dúirt sé go mbeadh ar dhaoine a chuirfeadh aighneacht isteach a bheith cruinn agus beacht faoin gcuid den iarratas a bheadh i gceist acu; ní bheadh mórán meáchain i ráiteas ginearálta.
Tiocfaidh aighneacht an fheidhmeannais agus Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Contae faoi bhráid chruinniú iomlán de Chomhairle Chontae na Gaillimhe as seo go ceann beagán seachtainí.
Fág freagra ar 'Tuairimí éagsúla ag comhairleorí Chonamara faoi scéim ghaoithe na Sceirde'