Ó Star Wars go Klondike – súil ar chuid de na scannáin is fearr ó 2015

Depp ag léiriú carachtair a raibh ráflaí ann tráth go raibh sé ar a theitheadh i gConamara agus Ciarraíoch mar Steve Jobs. B’shin cuid de na táirgí a tháinig os ár gcomhair i mbliana…

Pics BrandyCríoch tagtha le cnuasach móreachtraíochta agus móréilimh The Hunger Games, agus borradh curtha in athuair faoi fhathach George Lucas, Jurassic Park agus The Terminator.  James Bond ar a sheanléim, Johnny Depp ag léiriú carachtair a raibh ráflaí ann tráth go raibh sé ar a theitheadh i gConamara agus Ciarraíoch mar Steve Jobs. B’shin cuid de na táirgí a tháinig os ár gcomhair i mbliana. Níorbh fhiú an deich triuf cuid acu ach bhí sméara mullaigh ann chomh maith, cinn Éireannacha ina measc. 


Star Wars: Pé acu arb áin leat é nó nach áin, tá an fathach ar ais i lár an aonaigh. Tá gaisce déanta ag J.J. Abrams as an gcnuasach a chur ar ais ar a bhonnaibh. Na seanfhondúirí ar ais agus glúin nua ar an bhfód leis an eachtraíochta a choimeád sa tsiúl. É sin ar fad agus Sceilg Mhichíl.


Foxcatcher: Ghnóthaigh Steve Carell ainmniúchán Oscar don léiriú a dhein sé ar an milliúnaí cor John E Dupont sa scannán gruama, machnamhach, lán teannais seo. Léirítear an chomhghuaillíocht idir é féin, deartháireacha Schultz agus an chuid eile d’fhoireann iomrascála Mheiriceá is iad ag iarraidh an svae a thabhairt leo ag na Cluichí Oilimpeacha.


The Theory of Everything: Is é Eddie Redmayne a fuair an fear maith ar Steve Carell ar oíche Oscar agus is beag duine a d’áiteodh go raibh sé tuillte aige. Beathaisnéis mhothúchánach Stephen Hawking a thugann éachtaint ar a chuid oibre, a shaol pearsanta agus a aistear truamhéalach chun na cathaoireach.


Birdman: Aisteoir é Riggan a bhfuil a bhuille mar phiarda mór tugtha. D’fhonn iarracht a dhéanamh a shaol aisteoireachta a athnuachan, tugann sé faoi dhráma a léiriú ar Broadway ach tá a mhuintir féin agus a mheon féin ina dhris chosáin. Scannán ait, greannmhar, cumasach le taispeántas ábalta ó Michael Keaton.


Whiplash: Drumadóir óg, cumasach ag freastal ar scoil cheoil mar a bhfuil múinteoir tíoránach á chiapadh agus á spreagadh. Taispeántas den chéad scoth ó J.K Simmons, a ghnóthaigh an duais Oscar i ról tánaisteach dó.


Still Alice: Scannán eile ina bhfuil taispeántas den scoth mar mháithreacha aige. Anseo tugann Julianne Moore léargas ar Ollamh Ollscoile atá ag fulaingt le galar Alzheimer. Bronnadh duais Oscar uirthi as ucht a taispeántais.


Glassland: Scannán machnamhach, mothúchánach a thugann éachtaint ar an ngaol mífheidhmiúil, achrannach, corraithe atá idir fear óg (Jack Traynor) agus a mháthair (Toni Collette), gur alcólach í. Taispeántais thar na bearta ón mbeirt cheann feadhna.


Amhrán na Mara: Deineadh leagan Gaeilge agus Béarla den scannán seo agus d’éirigh leis an leagan Béarla ainmniúchán Oscar a fháil. Saothar álainn, ceolmhar agus samhlaíoch le cliar iontach.


Brooklyn: Taispeántas thar na bearta ó Saoirse Ronan agus tá sí á lua le duais Oscar an bhliain seo chugainn cheana féin. Scannán rómánsúil, maoithneach, brónach bunaithe ar úrscéal den teideal céanna le Colm Tóibín.


The Martian: Scannán aicsin agus fiscean-eolaíochta ina bhfuil scéal an-mhaith agus aisteoireacht ábalta ón gceann feadhna. Díríonn seo ar spásaire atá sáinnithe ar Mars agus a chuid iarrachtaí fanacht beo.


An Klondike: Is mar scannán, seachas mar shraith, a d’fhéachas air seo agus caithfear aitheantas a thabhairt do tháirge uaillmhianach TG4. Cruthaíodh an baile agus tréimhse go paiteanta agus bhí aisteoireacht den scoth le sonrú.

Fág freagra ar 'Ó Star Wars go Klondike – súil ar chuid de na scannáin is fearr ó 2015'

  • Colin Ryan

    Tá go maith. Ach nach bhfuil suim ag na hÉireannaigh i scannáin a rinneadh i Rúisis, i bhFraincis, i Spáinnis? Ait an scéal, más ea.

  • Tuigim

    Amhrán na Mara is fearr.