Labhraíodh an Ghaeilge den chéad uair riamh le linn Ceisteanna don Phríomh-Aire in Westminster an tseachtain seo.
Agus í ag cur ceist ar Phríomh-Aire na Breataine Keir Starmer, luaigh ceannaire an SDLP Claire Hanna go raibh Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh agus Lá Fhéile Pádraig romhainn chomh maith.
“Lá Fhéile Pádraig sona daoibh, agus Seachtain na Gaeilge fosta. Deis chun [ár] teanga, agus ár gcultúr a cheiliúradh ar fud an domhain,” a dúirt Hanna.
Lean Hanna uirthi i mBéarla ina dhiaidh sin agus comhghairdeachas á dhéanamh aici le Starmer agus leis an Taoiseach Micheál Martin as caidreamh “cairdiúil agus dlúth” a chothú idir Éirinn agus an Bhreatain.
Thug Hanna cuireadh freisin do Phríomh-Aire na Breataine teacht go Béal Feirste an bhliain seo chugainn nuair a bheidh Fleadh Cheoil na hÉireann á reáchtáil sa gcathair den chéad uair.
For the first time, Irish was spoken during Prime Minister’s Questions as SDLP Leader @ClaireHanna MP marked Lá Fhéile Pádraig agus Seachtain na Gaeilge in the Commons.
A small but symbolic moment for the Irish language and our shared future. 💬☘️🤝 pic.twitter.com/HlYExhz6zN
— The SDLP (@SDLPlive) March 12, 2025
Ghuigh Starmer Lá Fhéile Pádraig sona ar gach duine a bheadh ag ceiliúradh na féile agus dúirt sé go raibh súil aige cuairt a thabhairt ar Bhéal Feirste sula i bhfad.
Agus é ag tagairt don chruinniú mullaigh leis an Taoiseach, dúirt Starmer go raibh caidreamh láidir, socair idir an Ríocht Aontaithe agus Éirinn agus go raibh tús curtha le “ré nua” sa gcaidreamh eatarthu.
Labhraíodh Gaeilge in Westminster roinnt uaireanta roimhe seo ach ba í caint Hanna inné an chéad uair gur úsáideadh í le linn Ceisteanna don Phríomh-Aire. Dúirt an SDLP gur gníomh “beag siombalach” ar son na Gaeilge agus “ár dtodhchaí le chéile” a bhí ann.
As Bearna i nGaeltacht Chonamara ó thús do Claire Hanna agus is ann a chaith sí a luath-óige, tráth a raibh a hathair Eamon Hanna ag obair le hÚdarás na Gaeltachta.
Is i nGaeilge a ghlac Hanna, a ceapadh ina ceannaire ar an SDLP i bhfómhar na bliana seo caite, le mionn dílseachta Westminster anuraidh.
Fág freagra ar 'An Ghaeilge úsáidte den chéad uair le linn Ceisteanna don Phríomh-Aire in Westminster'