Tuairisc ó Bhéal – Gaeilge na hArdteiste; plá na ‘páirtithe leasmhara’; brioscaí Kimberley agus galar na leabhar
Seo chugaibh ‘Tuairisc ó Bhéal’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge. I mbun comhrá sa dara heagrán, tá Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí…
Nóirín
Toil i Roinn an Éadóchais??
Kevin Hickey
Breá a bheith ag éisteacht libh – go raibh míle maith agaibh.
Pointí bónais: a mhéar leagtha ag Breandán air, is é sin, go dtaibhseofaí don Roinn agus do dhreamanna eile gur buntáiste míchothrom a bheadh ann dá mbronnfaí a leithéid ar chainteoirí Gaeilge.
Gaelcholáistí: an ceart ag Seán Tadhg faoin doicheall rompu. Is dóigh liom gur eagla is cúis leis, óir b’é an chéad chéim eile ná Ollscoil a d’fheidhmeodh as Gaeilge a thógáil is a chur ar bun. Dá ndéanfaí sin, chuirfí le go mór le stádas na teanga, rud a bheadh ina bhagairt mhór do roinnt. I mbeagán focal, fóibe faoi fhorás na teanga is cionsiocair leis, measaim.