Contaetha Gaeltachta ab iad na ceithre chontae inar ceadaíodh an líon is mó tithe aonair anuraidh.
De réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh, cheadaigh comhairlí contae Dhún na nGall, Chorcaí, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo beagnach 40% de na hiarratais phleanála ar fad ar thithe aonair a ceadaíodh sa stát in 2024.
Cheadaigh an 31 údarás áitiúil sa stát 4,906 iarratas pleanála do theach aonair in 2024, níos lú ná mar a ceadaíodh aon bhliain ó 2018 nuair a thosaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ag foilsiú na bhfigiúirí.
Comhairle Contae Dhún na nGall a cheadaigh an líon is mó iarratas ar thithe aonair anuraidh – 559 teach. D’fhág sin gur i nDún na nGall a ceadaíodh níos mó ná ceann as gach deich n-iarratas ar theach aonair a ceadaíodh anuraidh.
Níl líon na n-iarratas a rinneadh ar thithe aonair ná líon na n-iarratas ar diúltaíodh dóibh foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Níl eolas ach an oiread ar cén ceantar go díreach ina bhfuil na tithe a ceadaíodh á dtógáil.
511 iarratas ar thithe aonair a cheadaigh Comhairle Contae Chorcaí anuraidh. B’in beagán os cionn 10% den iomlán sa stát. Cheadaigh Comhairle Cathrach Chorcaí 32 iarratas, an líon ba lú as na húdaráis áitiúla ar fad.
I nGaillimh, cheadaigh an chomhairle contae 461 cinn d’iarratais phleanála le tithe aonair a thógáil. 34 iarratas a cheadaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
Ba i Maigh Eo a ceadaíodh an ceathrú líon is mó tithe aonair anuraidh mar ar éirigh le 317 iarratas.
Bhí Comhairle Contae na Mí (216) agus Comhairle Contae Chiarraí (198) i measc na ndeich gcomhairlí is mó a cheadaigh iarratais anuraidh chomh maith. 128 iarratas a cheadaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.
Bhí na tithe aonair a ceadaíodh i nGaillimh níos mó, ar an meán, ná na tithe a ceadaíodh i ngach mór chuile chontae eile sa stát.
De réir na bhfigiúirí, bhí na hiarratais do thithe aonair a cheadaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe anuraidh ag lorg cead chun teach 255㎡ ar an meán a thógáil.
Ba iad Comhairle Cathrach na Gaillimhe (261㎡) agus Comhairle Contae Uí Fhailí (255㎡) an t-aon dá chomhairle eile ina raibh an meánteach aonair a ceadaíodh níos mó ná mar a bhí i gcontae na Gaillimhe.
Bhí na hiarratais a cheadaigh Comhairle Contae na Mí (240㎡) agus Comhairle Contae Dhún na nGall (234㎡) níos mó ná an meánachar 227㎡ go náisiúnta chomh maith.
Bhí na tithe aonair a cheadaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ar na cinn is lú ar an meán a cheadaigh aon chomhairle – 201㎡.
De réir fhigiúirí na Príomh-Oifige Staidrimh, thit líon na n-iarratas a ceadaíodh d’áitribh 21% idir 2023 agus 2024. Tugadh cead pleanála in 2023 chun breis is 41,000 áit chónaithe a thógáil, idir thithe, árasáin agus eile. Thit an figiúr sin go dtí 32,401 anuraidh, áfach. Bhí laghdú mór, beagnach 40%, ar líon na n-árasán a ceadaíodh ansin.
Bhí grúpaí i nGaillimh, i gCorcaigh agus i nDún na nGall i mbun agóide an tseachtain seo agus iad ag lorg réiteach ar an nganntanas tithíochta sa nGaeltacht. Maítear go bhfuil todhchaí na Gaeltachta i mbaol toisc go bhfuil sé chomh deacair ag daoine óga tithe a fháil ina gceantair féin.
Fág freagra ar 'An líon is mó tithe aonair ceadaithe i nDún na nGall, i gCorcaigh agus i nGaillimh'