Ó Shiria go Baile Achaidh – ‘Labhair Heaney ar mo shonsa’

Tá saol as an ghnáth caite ag Lubana al Quntar, an chéad amhránaí ceoldráma riamh sa tSiria

Ó Shiria go Baile Achaidh – ‘Labhair Heaney ar mo shonsa’

Ó Shiria go Baile Achaidh i ndúiche Seamus Heaney – via Maastricht agus Washington. Tá saol as an ghnáth caite ag Lubana al Quntar, an chéad amhránaí ceoldráma riamh ina tír dhúchais.

Nuair a thosaigh an réabhlóid in 2011, bhí a fhios ag Lubana nach dtiocfadh léi fanacht sa tír. Admhaíonn sí gur bean í a bhfuil sé deacair aici fanacht ina tost nuair a fheiceann sí éagóir agus bhí sí dubh in éadan réimeas Assad.

Ina ainneoin sin, deir sí liom go raibh óige normálta aici agus í ag fás aníos in As-Suwayda, mar a bhfuil cathair Druze, ceantar atá ar an teorainn leis an Iordáin.

“Bhí mise mar a bheadh gach páiste fiosrach, gealgháireach eile ar domhan,” ar sí. Ach i measc na ndaoine fásta, go háirithe sna 1980í, bhí smacht uileghabhálach ag an réimeas ar gach gné den saol. Sna scoileanna, bhí sé mar a bhíodh sé sa Ghearmáin faoi réimeas Hitler. Insíodh do na páistí cad é ba chóir dóibh a rá.

“Fiú i do theach féin i gcuideachta do theaghlaigh, níor labhair na daoine fásta os comhair na bpáistí ar eagla go ndéarfadh siad rud éigin ar scoil os comhair duine nach dtiocfadh leat muinín a bheith agat as nó aisti. Ach rinne muid ár ndícheall bheith normálta. D’oibrigh muid chomh dian agus a thiocfadh linn ar bheagán airgid agus bhí a fhios againn gur tír shaibhir a bhí in Siria ach go ndeachaigh an t-airgead uilig isteach i bpáláis Assad. Bhí siad ag goid ár gcuid airgid ach ní thiocfadh linn sin a chur in iúl,” arsa Lubana al Quntar.

Deirim léi go bhfuil eagla ar dhaoine go mbrisfidh an tríú cogadh domhanda amach ach go bhfuil sé ag dul ar aghaidh cheana féin sa tSiria agus na Rúisigh, na Meiriceánaigh, fórsaí Assad, an Iaráin agus go leor grúpaí eile as an iliomad tír páirteach ann.

Deir Lubana gur comhartha é den mhisneach atá i muintir Shiria go bhfuil siad ag leanstan ar aghaidh ainneoin na n-uafás agus iad, mar atá bunús an chine daonna, ag iarraidh saol socair a chruthú dóibh féin agus dá bpáistí. 

“Tagann an chumhacht atá sa duine daonna teacht slán as aon tubaiste. San áit a bhfuil mo thuistí, bíonn siad gan aibhléis agus gan uisce ar feadh tréimhsí fada i rith an lae – láthair chogaidh atá ann. Ach cuireann siad pictiúir chugam agus bíonn siad ag gáirí agus ag baint sult as tráthnóna normálta. Tá sé dochreidte.”

“Coinním súil ar Shiriaigh óga san Eoraip agus tá siad ar a seandícheall ag iarraidh jabanna nó, níos fearr arís, oideachas a fháil, mar sin an rud is mó a spreagann Siriaigh óga mar is rud é an t-oideachas nach bhfuair bunús na ndaoine sa tSiria. Ni raibh an saol is fearr acu ach tá an t-áiméar acu anois sin a bhaint amach,” ar sí.

Bhí rud amháin ag Lubana nach raibh ag mórán eile sa tSiria – glór iontach. Agus í ar scoil agus í ceithre bliana d’aois, chuireadh na múinteoirí ar chaiséad í ag canadh.

Bhí dhá chainéal teilifíse sa tSiria ag an am. Ar cheann amháin acu, chraoltaí an ceol clasaiceach ach bhíodh míreanna ceoldrámaíochta i gcónaí ann.

“Chuir sé seo faoi dhraíocht mé an dóigh ar shín agus ar fhorbair na hamhránaithe a nglórtha, rud nach raibh cleachtadh agam air san amhránaíocht Arabach. Eascraíonn an amhránaíocht Arabach as an scornach agus as an bhrollach agus mar sin rinne mé iarracht fáil amach faoin gcineál eile seo amhránaíochta nach raibh sa traidisiún s’againne ar chor ar bith.”

D’éirigh chomh maith sin léi gur éirigh léi bheith ina múinteoir ceoldrámaíochta in Damascus.

Sa lá inniu agus í ina cónaí i Meiriceá, tá sí chomh compordach ag ceol Puccini nó Bach is atá sí ag ceol muwashshah, stíl amhránaíochta atá go láidir in Aleppo ach leanann sí ar aghaidh ag agóidíocht ar son a muintire atá díshealbhaithe.

Fuair mé an deis labhairt le Lubana sular tháinig sí go Baile Achaidh do sheó a chuir an t-aisteoir Éireannach Olwen Fouéré le chéile, seó a bhí bunaithe ar chnuasach filíochta de chuid Heaney, The Spirit Level.

Bhí Lubana agus Olwen páirteach sa dráma Salomé i Londain agus labhair an bheirt acu ar chomh deacair is a bhí sé cur síos ar dhaoine atá gonta ag an chogaíocht. Mhol Olwen The Spirit Level do Lubana.

“Thosaigh mé á léamh agus tá sé thar a bheith cóngarach do na mothúcháin atá go domhain ionamsa,” arsa Lubana.

“Cuireann Heaney síos ar an chogaíocht ar dhóigh thar a bheith éagsúil, go háirithe an dóigh a bhfeiceann sé an gnáthdhuine i lár an léirscriosta. Le linn an tseó, ceolaim foinn ar an láthair agus Olwen ag aithris dánta Heaney agus bhí sé an-tochtmhar. Domsa, chuir sé síos ar réadúlacht na cogaíochta agus níl léamh, scríobh nó insint béil air.”

Agus fórsaí Assad ag glacadh athsheilbh an mhí seo ar shráidbhailte faoin tuath soir ó bhaile dúchais Lubana, is iontach go raibh file Éireannach in ann friotal a chur ar a heispéiris phearsanta féin.

“Chuir Heaney a chruth féin air – agus labhair sé ar mo shonsa,” ar sí.

Fág freagra ar 'Ó Shiria go Baile Achaidh – ‘Labhair Heaney ar mo shonsa’'