The Bear
Bain an chéad séasúr de The Bear an anáil de chách. Scéal suimiúil, carachtair chaithiseacha, greann, gruamacht agus aisteoireacht den scoth. Chloígh an tarna agus an tríú séasúr leis an gcaighdeán ard céanna. Níl aon dabht ná go bhfuil an saothar seo teann as féin mar is beag saothar eile a leomhfadh an chéad ghála de shéasúr nua a bhunú ar mhontáis d’iardhearcthaí beaga, go deimhin níl na míreanna in ord croineolaíoch fiú. Ina ainneoin sin téimid le sruth mar go bhfuilimid chomh gafa leis na carachtair atá sa saothar teanntásach seo. Tá Carmy (Jeremy Allen White) fós ag iarraidh brionglóid na bialainne galánta a fhíorú is é ag broc leis féin agus gach duine eile ina thimpeall.
Say Nothing
Ceann de shraitheanna na bliana gan aon agó é an saothar slachtmhar cumasach seo. Cinnte, tá an léamh Hollywood ar na Trioblóidí míshuaimhneach in áiteanna agus é, b’fhéidir, róghar don chnámh dúinne. Mar sin féin bainfidh an cuntas drámatúil seo ar shaol agus gníomhartha buile Dolours Price stangadh asat. Is scéal ar leith é scéal na mná seo agus scéal a deirféar. Mná a chuaigh san IRA, a chuaigh i mbun robála agus iad gléasta mar mhná rialta, a dhein ruathar buamála ar an Old Bailey, a chaith tréimhse i bpríosún agus a chuaigh ar stailc ocrais. Níl ansin ach cuid den scéal. Imíonn an saothar seo ó thréimhse amháin go tréimhse eile is ar ais arís gan stró. Tá aisteoireacht chumasach inchreidte ón gcliar ar fad – Lola Petticrew, Maxine Peake agus Tom Vaughan-Lawlor, ach go háirithe.
Crá
Má tá Dónall Ó Héalaí ann is fiú féachaint air; sin an mana atá agamsa pé scéal é. Is é atá mar cheann feadhna sa tsraith Crá; saothar eile fós in iomaire an noir Gaeltachta. Garda é Conall Ó Súilleabháin (Ó Héalaí) atá ar a chomhairle féin i bparóiste iargúlta i nDún na nGall. Ceann de an laethanta faightear corp mná agus faightear amach go luath gurb í máthair Chonaill atá ann, bean a chuaigh ar iarraidh blianta roimhe sin. Mar is dual do shaothar sa seánra seo tá a chantam féin de thréithe seanchaite ag baint leis: dúnmharú, bleachtaire cumasach beagfhoclach, giolla gualainne saonta, iriseoir óg fiosrach agus uisce faoi thalamh ar fud na háite. Ní fhágann sin gur drochshaothar é seo mar tugann na scríbhneoirí Richie Conroy is Doireann Ní Chorragáin faoi ina slí féin.
Ripley agus The Penguin
Caithfear an dá cheann acu seo a lua óir go bhfuil cad é bús faoi thaispeántais bheirt Éireannach. Scéinséir aigneolaíoch atá sa mhionsraith Ripley mar a dtugann Andrew Scott taispeántas den scoth uaidh; taispeántas a ghnóthaigh ainmniúchán Golden Globe dó. Seo é an léamh nua ar an úrscéal The Talented Mr. Ripley agus Scott mar chleasaí an teidil. Is beag a shíl éinne dhá bhliain ó shin gurb é Colin Farrell is fearr a thiocfadh as léamh Robert Pattinson ar Batman. Agus an Bleá Cliathach do-aitheanta mar The Penguin cinneadh a mhionsraith féin a thabhairt dó agus tá an saothar sin is taispeántas Farrell tar éis moladh thar na bearta a fháil. Ach oiread le Scott tá ainmniúchán Golden Globe faighte aige.
True Detective
Thuas seal, thíos seal atá sraith Nic Pizzolatto ó chuir Matthew McConaughey agus Woody Harrelson fé dhraíocht sin tarrac ar dheich mbliana ó shin. Dar liom go raibh sé os cionn a bhuille arís an séasúr seo agus sinn á dtabhairt ó thuaidh go dtí an baile ficseanúil Ennis in Alasca. Áit chiúin, sceirdiúil, neamhshaolta, álainn. Nuair a théann buíon eolaithe ar iarraidh go mistéireach is fé na bleachtairí Liz Danvers (Jodie Foster) agus Evangeline Navarro (Kali Res) an cás a fhiosrú.
Masters of the Air
Cuireann an tsraith seo an dlaoi mhullaigh ar chnuasach cogaíochta Hanks agus Spielberg. Bogtar ó pháirceanna is farraigí an áir chuig sceimhle an aeir sa saothar seo atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó Donald L. Miller. Leanaimid gníomhartha gaisce contúirteacha an 100th Bomb Group, nó an ‘Bloody 100th’ mar a baisteadh orthu de bharr an oiread sin díobh a maraíodh i rith na ruathar buamála ar chríocha gafa na Naitsithe. Is iad Major John ‘Bucky’ Egan (Callum Turner) agus Major Gale ‘Buck’ Cleven (Austin Butler) an bheirt cheann feadhna. Dlúthchairde iad beirt, staonaire stuama, ciallmhar duine acu, an fear eile acu spleodrach agus lán de bhithiúntaíocht. Taobh leo sin tá Harry Crosby (an Feirsteach Anthony Boyle) agus Curtis Biddick (an Bleá Cliathach Barry Keoghan). Aisteoireacht foirne iontach agus radharcanna cuidsúlacha lán le sceimhle.
Fág freagra ar 'Ó sceimhle an aeir go cíor thuathail na cistine agus as sin go dtí gleannta Thír Chonaill'