Ó DHÚCHAS… ‘Tá mórán piseog i dtaobh na cuaiche’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS… ‘Tá mórán piseog i dtaobh na cuaiche’

Éan is ea an chuach gur maith le daoine a guth do chlos nuair a thagann sí chugainn sa samhradh. Bíonn cluas le héisteacht ar gach éinne féachaint cathain a chloisfeadh sé ag labhairt í agus cé acu cluas leis ina labhróidh sí mar chuirfeadh san in iúl dó cé acu an t-ádh nó an mí-ádh a bheadh ina chomhair i rith na bliana.

Is luaithe a chloistear an chuach mar a mbíonn crainn agus coillte ná in aon áit eile, mar is ionúin léi iad. ‘Dá labhródh an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó agus ceannaigh arbhar’. Deirtí nár labhair an chuach riamh ar chrann nach raibh bileog ghlas air.

Rud eile agus ’sé rud é ná so; dá rachadh an gobadán i mbéal na cuaiche go dtitfeadh an t-aer agus an talamh ar a chéile. An gobadán an t-éan a bhíonn ag leanúint na cuaiche i gcónaí.

Tá mórán piseog i dtaobh na cuaiche – deirtear má chloiseann duine an chuach ina chluais dheas go mbeidh an t-ádh leis i rith na bliana, ach má chloiseann sé ina chluais chlé í ná rachaidh aon ní chun cinn dó agus go mbeidh an uile shaghas mí-ádh agus ainnise á leanúint i rith na bliana ar fad.

Ach má bhíonn sé de mhí-ádh ar dhuine an chuach a labhairt ina chúl, bíodh súil aige lena bhás, nó bás duine atá gaolmhar dó, nó bíodh súil aige le trioblóid éigin eile a bheith chuige.

Deirtear an té go labhródh an chuach ina chúl, go mbéarfaí a lán d’uain dhubha dó san aimsir chéanna agus go mbeadh sé in umar na hainnise ar feadh na bliana a bheadh chuige.

Seo rud go bhféadfadh duine triail a bhaint as ar chlos na cuaiche dó an chéad uair, féachaint an mairfeadh sé i bhfad. An chéad nóiméad a chloisfeadh sé í, chaithfeadh sé seasamh agus gan corraí as an áit ina mbeadh sé. Ansan a chos a ardú chun a fháil amach an mbeadh ribe fúithi. Dá mbeadh agus dá mbeadh an ribe sin liath mhairfeadh sé go dtí go mbeadh sé an-aosta, ach mura mbeadh an ribe liath, chaillfí óg é.

Deintear rud eile fós nuair a chloistear an chuach den chéad uair, ’sé sin airgead d’fháil, dá mbeadh sé agat, agus a bheith á chaitheamh ó láimh go láimh an fhaid is a bheadh sí ag labhairt. An té a dhéanfadh é seo ar chlos na cuaiche dó ar dtús gach bliain, ní bheadh ceal airgid air go deireadh na bliana.

Ach dá labhródh sí ina chúl níorbh aon mhaitheas dó cleas an airgid a dhéanamh ná a bheith ag lorg na ribe léithe ach an oiread.

Faisnéiseoir: Siobhán Ní Chonchubhair,
Scoil Bhun Inbhir,
Co. Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… ‘Tá mórán piseog i dtaobh na cuaiche’'