Ó DHÚCHAS: Sin é an bóthar suas ar neamh – scéal grinn as Baile na nGall

Ó Dhúchas…Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo tá ceacht as Corca Dhuibhne againn d’oidí scoile

Ó DHÚCHAS: Sin é an bóthar suas ar neamh – scéal grinn as Baile na nGall

Aon lá amháin fadó dúirt an máistir leis na buachaillí go dtabharfadh sé scilling don mbuachaill is fearr a neosfadh scéal dó mar gheall ar an taibhreamh a bhí aige uair éigin.
Thugadar leathuair an chloig san insint, cuid acu ná féadfadh cuimhneamh ar aon taibhreamh a deineadh riamh dóibh agus a thuilleadh a chuimhnigh láithreach air. Fé dheireadh thosnaigh buachaill óg ar an taibhreamh a bhí aige a chur in iúl dóibh.

“Chuadhas a chodladh aréir ar leathuair tar éis a naoi,” ar seisean “nuair a bhí an Choróin Mhuire ráite againn agus ní fada a bhíos im leaba nuair a bhíos im’ chodladh is mé ag taibhreamh chomh soiléir is dá mbeadh mo súile oscailte agam. Cheapas go raibh mórán againn i lár páirce agus tháinig aingeal anuas is chuir sé dréimire fada, an-fhada, suas i gcoinne na spéireach. Dúirt sé gurbh in é an bóthar suas ar neamh agus go gcaithfeadh gach duine, in aghaidh gach coiscéim a thabharfadh sé suas, marc a chur síos mar gheall ar cheann éigin de na peacaí agus coimeád leis suas go dtí go mbeadh marc thíos do gach peaca.

“Thug an t-aingeal blúire cailce an duine dúinn,” arsa an buachaill. “D’imigh mórán daoine suas, is nuair a fuaireas féinig seans thosnaíos-sa leis ar dhul suas, agus do chuireas síos marc i ngeall ar gach uile pheaca gurbh fhéidir liom cuimhneamh air.

“Ansan do bhíos ag cur díom go tapaidh gan aon mharc eile a chur síos. Tar éis tamaill maith bhí an-chlampar ann. Bhí na daoine go léir ag eascainí mar bhí duine éigin ag teacht anuas, leag sé mise, nach mór. Ansan d’fhéachas air agus cé a bhí ann ach tusa a mháistir!”

“Mise?” arsa an máistir “agus cad a thug anuas mé? Nó an ndúirt mé aon ní?”
“Dúraís. ‘Sé an diabhal é, a bhuachaill,’ arsa tusa. ‘Rith síos agus faigh bosca cailce dhom’.”

“Ar chuadhais?” arsa an máistir.

“Níor chuadhas,” arsa an buachaill, “bhíos-sa thuas nach mór an uair sin agus dá rachainn síos duit d’fhanfainn thíos fé mar a d’fhan tusa, bhí an dréimire tógtha romhat. Bhís rófhada ag triall ar na cailceanna, a mháistir. Bheadh an dála céanna ormsa.”

– Nóra Nic Gearailt, Cill Chúile, Baile na nGall, Contae Chiarraí a fuair an scéal seo óna hathair, Pádruig Mac Gearailt (60 bliain)

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Sin é an bóthar suas ar neamh – scéal grinn as Baile na nGall'