Ó DHÚCHAS: Oíche mhór ghrinn ag na Gaeil is ea Oíche Shamhna…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Oíche Shamhna agus na searmanais a bhain léi ochtó bliain ó shin atá faoi chaibidil againn inniu…

Ó DHÚCHAS: Oíche mhór ghrinn ag na Gaeil is ea Oíche Shamhna…

Ní bhíonn mórán iomrá ar an tSamhain anois; na daoine atá ag gabhail ins an am atá i láthair ann ní mó ná go dtuigtear dóibh cad is Samhain ann, nó cad é an chiall atá le ‘milleadh cnó’, le ‘creach sméar’, le ‘folachan feoite’, le ‘rádán’, le ‘geasróga Samhna’, le hoíche Fhéile na Marbh, leis an phaidrín bheag, leis na laetha sceoite, ná leis an tseandruagánacht a bhain leis an dóú lá déag de mhí na Samhna. Ach níorbh amhlaidh a bhí i bhfad ó shin.

Roimhe seo chrostaí ar an aos óg sméara dubha a ithe i ndiaidh lá Samhna Úr. Agus d’agraítí iad gan roinn nó rogha a bheith acu le cnónna aon uair amháin a thagadh seanlá Samhna, le neart na heagla roimh an slua sí.

An bharúil a bhíodh ann go ndéanadh lucht na gcnoc “creach sméar” Oíche Shamhna, agus duine ar bith a d’íosfadh ceann de na caora beaga ina dhiaidh sin gur dhó ba mheasa. Thiocfadh an ‘rádán’ air; is é sin sheangfadh a chorp, d’éireodh sé roicneach fá na pluca agus fána ghrua, agus roimh bhliain bheadh dreach agus fearaíocht seanduine air. Mar an gcéanna an té a dtiocfadh de mhífhortún air baint le meas na gcoll i ndiaidh sheanlá Samhna d’fhágfaí gron de shórt éigin air nó chomh dóigh lena athrú thiocfadh brúcht amach ar a chraiceann.

Oíche mhór ghrinn ag na Gaeil is ea Oíche Shamhna. Bíonn suipéar mór in achan teach an oíche sin. Déantar bairín breac i gcomhair an tsuipéir agus cuirtear a lán rudaí ann mar atá – fáinne, méaracán, píosa lasáin, cnaipe, leathréal nó réal. An té a gheibheann an fáinne deirtear go bpósfar é, an té a gheibheann an lasán deirtear go gcaillfear é, más cailín a gheibheann an méaracán nó an cnaipe deirtear go bpósfaidh sí táilliúir agus an té a gheibheann an t-airgead deirtear go mbeidh saibhreas aige.

Ní hé an sórt seo suipéir a bhíodh acu i bhfad ó shin. Go dtí ar na fíormhallaibh, ba é an gnás suipéar brúitín a ghlacadh Oíche Shamhna. Chuirtí im i gcónaí tríd agus bíodh sáith bainne ar chlár, agus d’fhéadfá a rá gur scoth suipéir a bhí ann.

B’iomaí geasróg a bhain don tSamhain. An t-ógfhear ar mhaith leis fáil amach cén bhean a bhí i ndán dó chaithfeadh sé a ghabháil go bun trí gcríocha agus a léine a ní i sruthán a bhí ag sní soir. Ansin d’fháiscfeadh sé an ball éadaigh agus bhainfeadh an baile amach. Ar uair an mheán oíche chaithfí an léine a chur ar chúl cathaoireach leis an tine.

Rachadh an t-ógfhear a luí ansin i leaba na clúide, agus dá dtéadh aige fanacht múscailte ‘tchífeadh sé samhailt na mná a bhí ordaithe dó ag teacht ‘un tosaigh a’s ag tiontú na léine.

An cailín a raibh an pósadh ag déanamh buartha di ní raibh aici ach a ghabháil amach ‘un an sciobóil ar an meán oíche, súiste a tharraingt uirthi fhéin, punann arbhair a bhualadh, a’s ansin an punann a chaitheamh in aice an dorais. An céile fir a bhí le bheith aici thiocfadh sé isteach a’s d’ardódh leis an tsopóg.

Dhéantaí geasróga den tsórt seo fosta le húlla, le créafóg, le fréamhacha an chaorthainn, le craobhacha de chrann creatha, agus le cleiteacha coiligh dhuibh. Chuirtí tobán uisce i lár an urláir agus chuirtí a lán úlla ann, ansin ba é an greann na húlla a fháil amach gan lámh a chur ins an tobán nó ins an uisce.

An oíche arna mhárach Oíche Fhéile na Marbh a bheirtear uirthi. Oíche ar leith a bhí inti riamh anall. Seo mar a chaití an oíche roimhe seo, i lár Dhún na nGall ar scor ar bith. Chomh luath agus a bhíodh an suipéar thart deirtí an ‘paidrín beag’ don bheo. Ní bhíodh ins an phaidrín bheag ach cúig dheichniúr agus liodán amháin. Ansin théití a luí.
Fá chionn dhá uair nó mar sin d’éiríodh bunadh an tí aríst. Bheirtí ‘An Aiséirí’ air seo. Thosaíodh siad ansin agus deireadh siad an ‘An Paidrín Mór’ do “na mairbh uilig go léir ach go speisialta daoine muinteartha agus créatúir eile a bhfuil dearmad déanta díobh ar an tsaol seo”. Mhaireadh an paidrín mór uair go leith ar scor ar bith, nó bhíodh cúig dheichniúr déag agus dhá liodán ann, le cois eireabaill gan áireamh, gan trácht ar Laoi na hAithrí agus ‘Dán an Duine Dheileora’. Bheirtí bolgam tae do gach aon duine i ndiaidh an phaidrín mhóir agus é a dhíth orthu.

Sula dtéadh an teaghlach a luí aríst chuireadh siad síos tine bhreá mhór, scuabtaí an t-urlár go maith agus d’fhágtaí na cathaoireacha agus na stólta thart fán teallach nó bhí sé creidte ag an Ghael go bhfaigheadh na mairbh cead fáil ar ais an oíche sin agus nach doicheall an fháilte a ba cheart a bheith rompu.

– Anna Ní Ghallchobhair, a fuair an seanchas seo óna hathair Proinnsias Ó Gallchobhair (63), ó Shráid Ghleann Fhinne, Bealach Féich, Co Dhún na nGall ar an 30 Deireadh Fómhair 1938

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Oíche mhór ghrinn ag na Gaeil is ea Oíche Shamhna…'