Ó DHÚCHAS: ‘Níor mhothaigh mé í ag teacht amach’ –  is maith an fiaclóir an gabha

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá ceird na fiaclóireachta ag an ngabha..

Ó DHÚCHAS: ‘Níor mhothaigh mé í ag teacht amach’ –  is maith an fiaclóir an gabha

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ar buile le tinneas fiacla. Ní raibh fhios aige céard dob fhearr dó a dhéanamh ach shíl sé nárbh fhéidir leis an phian d’fhulaingt níos faide. Bhí na comharsana go cineálta leis, agus bhíodar ag teacht chuige go brónach, agus is iomaí leigheas a thug siad dhó, ach gan aon mhaith leo. Fá dheireadh thug bean áirithe comhairle dhó fá dhul chuig an ghabha. Bhí eolas ar thinneas fiacla ag gach aon ghabha.

Ghlac sé a comhairle agus chuaigh chun na ceártan ar an bpointe boise. D’inis sé a scéal don ghabha. Ní raibh neart ar bith ag an ngabha ar an tinneas fiacla ach ba chleasaí é agus chuir sé mórán ceisteanna ar an bhfear bocht a bhí tinn. Dúirt an fear tinn leis gurbh fhearr leis rud ar bith a fhulaingt a chuirfeadh deireadh leis an tinneas fiacla.

“Fágfaidh mé slán thú,” arsa an gabha “agus m’fhocal duit nach ngortóidh mé thú ar chor ar bith.”

“Och! Beannacht Dé ort go buan,” arsa an fear tinn. Leis sin chuaigh an gabha agus fuair sé dlaoitheog mhín lín agus chas sé go daingean í cúpla uair ar an bhfiacail, agus cheangail sé ceann na sreinge do corr na hinneoine. Anois is amhlaidh, bhí an fear tinn ar leathchromadh agus a shrón i bhfoisceacht sé nó seacht n-orlaí den inneoin.

“Bíodh foighid agat anois ar feadh tamaill bhig agus tarraingeoidh an inneoin an dó is an phian ar an bhfiacail úd.” Shocraigh an fear bocht é féin. Chuaigh an gabha fána chuid oibre féin. Shéid sé suas an tine. Chruinnigh sé na sméaróidí ina chéile, agus anois is arís tharraingíodh amach iarann fada a bhí leis as an tine. D’amharcadh sé air, shádh sé isteach arís é  agus é ag insint scéil i rith an ama go léir.

Ach i lár an scéil tharraing sé an t-iarann amach go fíorthapa, agus bhuail sé ar an inneoin é go mear is go láidir, d’imigh cith mhór drithleog air agus scinn an fear bocht ar a chúl agus thit sé ar an urlár.
Phléasc gáirí ar an ngabha. Nuair a d’éirigh an fear tinn bhí mórán fola in a bhéal ach bhí an fhiacail imithe. Bhí sí ar cheann na sreinge.

“Mo chorp ón diabhal!” ar seisean. “Níor mhothaigh mé í ag teacht amach ar chor ar bith.”

“Nár insíos sin duit?” arsa an gabha “Téigh abhaile anois agus nuair a bhéas sé de dhíth ortsa arís fiacail a tharraingt amach beidh a fhios agatsa cá dtiocfaidh tú.”

Pádraic Ó Máille a bhí ar Scoil an Chloiginn i gConamara a fuair an scéal seo óna mháthair Máire

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Níor mhothaigh mé í ag teacht amach’ –  is maith an fiaclóir an gabha'