Ó DHÚCHAS: Níl cnocán in oileán Gharmna nach bhfuil daoine curtha air…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. As Conamara atá cur síos againn ar an ngorta mór i nGarmna an tseachtain seo…

Ó DHÚCHAS: Níl cnocán in oileán Gharmna nach bhfuil daoine curtha air…

Pictiúr: duchas.ie

In aimsir na Gorta ní raibh ach corrtheach thart leis na cladaí agus cúpla garraí beag acu. Is iomaí dream daoine atá ann anois nach raibh ann aimsir na gorta.

Tháinig an smál nuair a bhí na fataí ag fás. Lobhadar nuair a bhí na fataí ag fás agus ní raibh mórán fataí ag aoinne. Ní raibh an gorta chomh dona san áit seo is a bhí sé in áiteacha eile mar bhí fataí le díol ag cuid de na daoine i dtús na gorta.

Bhí an gorta i bhfad ann mar ní raibh aon síol le cur an bhliain dár gcionn. Bhí an gorta ann ar feadh seacht mbliana. Ní hí an chéad bhliain ná an dara bliain ba mheasa a bhí an gorta ach an tríú agus an ceathrú agus an cúigiú bliain. Ní raibh le cur acu ach seagal, coirce gallda agus púir [luibh].

Sé an bia a bhí acu ná arán a dhéanamh as an seagal agus as an gcoirce gallda agus as an bpúir. Gheobhaidís gach iasc a b’fhéidir leo a fháil san gcladach. Bhíodh creathnach, sleabhcán, bairnigh, faochain, ruacain, sceana mara, breallachaí, cluaisíní, diúilicíní, muiríní, oisrí agus gliomachaí acu le n-ithe.

Dhéanaidís brachán as an gcoirce gallda agus as an bpúir. Bhíodh na daoine ag ithe muisiriúin phúca leis an ocras. Bhíodh siad ag ithe seamsóga freisin. Gach rud a gheobhaidís ag fás agus go gceapaidís go mbeadh aon mhaith ann d’ithidís é.

Níor choinnigh sin na daoine beo mar tháinig daoine as Cúige Uladh agus ghoid siad na beithígh agus na caoirigh ó na daoine. Bhíodh siad fhéin ag goid óna chéile agus ag iarraidh a chéile a choinneáil beo ach theip orthu.

Bhí na daoine caillte ar na cnocáin agus níl aon chnocán in oileán Gharmna nach bhfuil daoine curtha air. Bhíodh na daoine dá gcur gan braillín gan cónra agus gan aon rud eile ach iad a chur síos i bpoll san áit a gcaillfí iad. Tá na daoine curtha ins na garrantaí thart timpeall na gcladaí.

Nuair a bhí an gorta thart thug rialtas Shasana déirce bheag do na daoine. Saghas anraith a dhéantaí as min choirce a fuair siad. Tamall ina dhiaidh sin nuair a tháinig obair amach bhíodar ag obair ar chárt min bhuí san tseachtain.

Tar éis na gorta tosaigh tinneas ag teacht orthu agus bhíodar ag fáil bháis i leaba a chéile. Bhí an fiabhras sin ann go ceann bliana agus fuair a lán bás dá bharr.

Nuair a fuaireadar fataí arís tar éis achar fada choinnigh siad iad le haghaidh síolta agus bhíodar fhéin ag ithe mín bhuí. Nuair a tháinig an t-am lena gcur sé an chaoi ar bhaineadar na súile amach astu agus scaipeadar amach san ithir na súile ar nós síol coirce. Bhíodh cúig nó sé de shúile ar gach fata agus bhí go leor síolta curtha ag na daoine. Tháinig an smál arís an t-am seo agus nuair a bhí sé in am fataí a bhaint, d’fheicfeá gach duine san ngarraí ag cuartú na créafóige. Ba mhór an trua a bheith ag breathnú orthu.

An séú bliain tar éis na gorta bhí síolta ag na daoine arís agus bhaineadar na súile astu, agus scaipeadar iad ar nós gráinní síl. Bhí roinnt fataí ag na daoine ansin ach bhí deich mbliana caite sula raibh a ndóthain fataí ceart acu.

Bhí fataí gann ocht mbliana is dá fhichead ó shin ach ní raibh sé chomh dona leis an ngorta mór. Lobh na fataí san talamh agus bhí coiscéim idir gach fata san iomaire. Déarfá go mbeadh obair mhór déanta ag fear dá mbeadh a dhinnéar fataí bainte aige lá. Bheadh garraí rómhartha aige agus gan aige ach a dhinnéar fataí. Ní raibh siad chomh dona an t-am seo mar bhí an rialtas ag tabhairt déirce dhóibh. Bhíodh siad ag fáil plúr, im agus rudaí eile.

Bhíodh na fataí ag lobhadh gach bliain nó go bhfuair na daoine eolas faoin gcloch ghorm. Ó fuair siad amach go raibh an chloch ghorm go maith níor lobh aon fhata orthu. Tá fuílleach fataí ag gach duine san áit seo anois buíochas le Dia.

Bríghid Ní Chonghalaigh a bhí ar Scoil Thír an Fhia i gConamara i 1937 a scríobh an tuairisc seo.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Níl cnocán in oileán Gharmna nach bhfuil daoine curtha air…'