Ó DHÚCHAS: Ná bearr aon chaora ná aon duine inniu  – 25 comhairle do dheireadh seachtaine na Cincíse

Bhí geasa go leor ag baint leis an tráth seo bliana – deireadh seachtaine na Cincíse

Ó DHÚCHAS: Ná bearr aon chaora ná aon duine inniu  – 25 comhairle do dheireadh seachtaine na Cincíse
  • Lá Crosta na Bliana a thugtaí ar Dhomhnach Cincíse agus ba thráth uaibhreach den bhliain an Chincís a raibh a lán crosta ar dhaoine.
  • Ní maith an rud é néal codladh lae a dhéanamh Domhnach Cincíse – an mí-ádh a leanfaidh thú go ceann 12 mí, sin nó beidh tú seasta ag suanaíocht.
  • Faigh greim ar uisce coisricthe Domhnach Cincíse agus croith sna goirt é le dea-bharr a bheith agat.
  • Páiste a thagann ar an saol seachtain na Cincíse beidh sé cantalach drochaigeanta go deo.
  • Má bhíonn searrach ag an gcapall, cuir scraith ghlas ar a dhroim leis an drochmhianach a bhaint as. Cincíseach a thugtar ar an searrach sin agus marú a bheidh ina chloigeann.
  • Má bhíonn lao ag an mbó inniu, b’fhearr duit streall bainne ó bhó éigin eile a thabhairt dó más leis aon rath a dhéanamh.
  • Ní bheidh aon rath ar ál sicíní a thagann amach an tseachtain seo, sin mura gcriogann an toirneach iad agus iad fós faoin gcearc. 
  • Ná leag bonn do choise ar an talamh inniu.
  • Ná tabhair faoi aon aistear inniu, más leat teacht abhaile.
  • Ná scaoil aon airgead amach as do láimh inniu nó sin í do cheird go ceann bliana.
  • Ná tosaigh aon obair nua an tseachtain seo.
  • Ná bearr aon chaora ná aon duine inniu murar mian leat mallacht na Cincíse a bheith orthu.
  • Ná bain an t-eireaball d’aon uan agus ná coill aon lao an tráth uaibhreach seo den bhliain.
  • Ná codail amuigh faoi Chincís, nó caillfidh tú do chiall.
  • Ná tabhair salann ar iasacht d’aon duine inniu.
  • Ná déan thú féin a fholcadh inniu.
  • Mura ndeachaigh tú ag snámh roimh an gCincís fan go mbeidh sí caite.
  • Ná cuir aon síol i dtalamh – ní fhásfaidh sé nó má fhásann féin, rithfidh sé.
  • Seachain an garraí inniu mar má théann dealg i do mhéar ní chneasóidh sí.
  • B’fhearr uisce a sheachaint inniu ach má chaitheann tú buicéad uisce a thabhairt isteach ná bíodh aon lorg bainne ar an soitheach nó ní bheidh aon uachtar ar do chuid bainne go deo arís.
  • Seachain an fharraige mar tá an mhaighdean mhara ansin ag faire le thú a tharraingt amach.
  • Ná pós faoi Chincís, ní leanfaidh an t-ádh an pósadh sin.
  • Má bháitear duine faoi Chincís, báfar triúr as an gceantar roimh dheireadh na bliana. [I bhfad uainn an anachain]

(Bailithe as Bailiúchán na Scol ar Dúchas.ie)

Aguisín – Bhí seanchas ag Kathleen O’Riordan as Carraig an Phúca i Múscraí go dtéadh muintir an cheantair sin ar fad go Baile Bhuirne Domhnach Cincíse le turas a thabhairt ar Shéipéal Ghobnatan. Deir Kathleen go dtéadh go leor acu ann ar an Satharn don cheol agus don scléip. Cairt agus capaill a bhíodh acu don turas agus bhíodh cábáin ansin ag díol milseán agus féiríní beaga eile. Deirtí gur thug an Pápa Clement V111, ar an 12-7-1601, logha iomlán d’aon duine a dhéanfadh turas go dtí dealbh Naomh Gobnait i mBaile Bhuirne. 

Tosaíonn an Chincís i dtús an tSamhraidh agus seacht seachtaine a mhaireann sí. De réir ráiteachas na seandaoine ní chrochfadh aon bhád a seol taobh amuigh den chuan ón gcéad lá den Chincís go mbeadh sí caite.

Níor tháinig aon Chincís ariamh gan toirneach. Bíonn dath dubhghorm ar an aer agus bíonn daoine ag creathadh leis an bhfaitíos. Is minic a chloisfeá iad ag rá An Marthain Phadhruig.

Ní thosaíonn siad ar obair nua ar bith ins an gCincís ag déanamh ómóis di ag ceapadh go bhfuil sí uaibhreach.

Ní bhearrann siad aon chaora ach an oiread le faitíos go gcaillfí iad agus ní bhearrann siad na daoine ach an oiread ag ceapadh go mbeadh mallacht na Cincíse orthu. Ní théann siad ag iascach ach an oiread. Mura mbeidh an dorú fliuchta acu sula dtiocfaidh an Chincís ní thiocfaidh siad ag iascach.

Níl sé ceart codladh amuigh sa gCincís ach an oiread. Mura ndeachaigh tú ag snámh roimh an gCincís deirtear nach bhfuil sé ceart dul ag snámh go mbeidh sí caite. Aon síol a chuirtear sa gCincís ritheann sé.

Áine Ní Chonfhaola,
Caorán na gCearc,
Conamara.
a fuair an t-eolas ó Phadraic ‘ac Confhaola (63)

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ná bearr aon chaora ná aon duine inniu  – 25 comhairle do dheireadh seachtaine na Cincíse'

  • Seán Mac Bhriain

    Go maith, ach seachtain deireanach :-)