Ó DHÚCHAS: Márta gágach garbh gaothach gangaideach 

Má thagann an Márta isteach chomh dána le leon gabhfaidh sé amach chomh socair sásta le huan

Ó DHÚCHAS: Márta gágach garbh gaothach gangaideach 

Má tá sibh tinn tuirseach den Mhárta agus gan an choicís féin de curtha dínn againn ní haon rud nua an faitíos sin. Tá an bailiúchán atá ag dúchas.ie lán den imní sin. 

Ach dea-thuar atá agam don bhliain seo mar ‘má thagann an Márta isteach go dána téann sé amach go socair sásta’ ach ‘má bhíonn na locháin folamh ar a theacht don Mhárta, beidh siad lán ag imeacht dhó’. Tá súil agam nach bhfaca sibh aon bheach ná aon bhláth ar an gcrann úll le coicís mar comharthaí drochaimsire iad chomh luath seo sa séasúr.

Is minic a d’airínn daoine a bhíodh ag éagaoineadh a rá dá n-éiríodh leo cluain a chur ar an Márta go mbainfidís bliain eile amach. Tráth a mbíodh rath an chomhluadair ag brath ar obair an earraigh agus an talamh a bheith in araíocht don churaíocht, ní hiontas go ndéarfaí ‘is fiú a meáchan d’ór mála smúit an Mhárta’ nó ‘is fearr lán doirn de dhusta Márta ná lán ciste d’ór’.

Níl a fhios agam cén stiúir a bhí ar do chat-sa i dtús na bliana ach fainic ‘má luíonn an cat sa ngrian mí Eanáir, gabhfaidh sé go leac an teallaigh sa Mhárta’. Ní haon dea-cháil ach an oiread ‘Márta gágach, mí na mionbhach’ a thabhairt ar an mí seo. 

Ach lena ceart a thabhairt don mhí bhí bua amháin aici más cearca do chúram. Creideadh gurbh iad na cearca ab fholláine na cinn a théadh ar gor sa Mhárta agus ar ndóigh ba é an coileach Márta a rogha céile. Deir tuairisc amháin linn go nglaofadh an coileach Márta chomh reigleáilte le clog an tséipéil ag a ceathair a chlog. 

Beidh feilméaraí caorach sásta a chloisteáil agus Feabhra curtha dínn againn “gurb iad na faoillí a mharaíos na caoirigh’ ach tugaidís aire dóibh féin anois mar sa seanchas céanna deirtear gurb ‘é an Márta a mharaíos na daoine’.

Is léir gurbh ionann mian an fheilméara is cuma cá raibh cónaí air: ‘Na faoillí corrach cranda clis, Márta crua tirim, an tAibreán bog maoth agus tart ag deireadh an tSamhraidh’ nó ‘Márta garbh gaothach, Aibreán bog braonach, Bealtaine béalfhliuch agus fómhar breá grianmhar’. Leagan eile den aimsir shéasúrach: ‘Feabhra grianmhar, Márta teann, Aibreán bog braonach, Bealtaine tais, samhradh riabhach agus fómhar grianmhar’.

Is cinnte nár shéan an Márta seo a nádúr agus an ruaiteach atá againn le seachtain agus is dóigh nach gan údar a deirtear ‘chomh sciobtha leis an ngaoth Mhárta’ (nó giorria Márta) faoin dea-reathaí. Is iomaí cor a chuireann lá Márta de agus is ionann don duine, coileach gaoithe a bhíonn chomh luaineach leis an ngaoth Mhárta féin.

Sinne a cheap gur 31 lá atá sa mí seo, bhí dul amú orainn is léir. De réir an tseanchais an t-aonú lá déag d’Aibreán a thagadh deireadh an Mhárta agus an Sean-Mhárta nó an Sean-Riabhach a thugtaí air.

Is beag sa tír nár chuala caint ar na trí lá a d’iarr an Márta ar an Aibreán nuair a chinn air an tseanbhó a chniogadh. 

Le teacht an Aibreáin tháinig misneach don tseanbhó riabhach agus le teann mórtais is faoisimh d’fhógair sí ar an Márta:   ‘A Mhárta fhealltaigh, dá dhéine a thugais fúm, níor fhéad tú deireadh a chur liom, agus anois ó tá an tAibreán bog braonach tagtha, is beag é mo bheann ort.’ [A Mhárta bhréin dhrochaigeanta, ní rabhais ach mar ba dhual duit, rinnis do dhícheall orm, nár agraí Dia ort é. Beir san uaigh ag a dó dhéag anocht.]

Níor leis an Márta fealltach ab fhaillí é. Fuair an ghaoth Mhárta trí lá ar iasacht ó ghaoth an Aibreáin agus ní thiocfaidh go deo aon lá a bhí chomh dona leis na trí lá sin. Shéid sé gaoth agus díle bháistí chomh tréan in Éirinn agus ab fhéidir leis ar feadh na dtrí lá. An chéad lá tháinig báisteach agus aimsir gharbh ach mar sin féin ní bhfuair an bhó bás. An dara lá bhí sé ina bháisteach agus ina thoirneach ach níor mharaigh sé an bhó. An treas lá tháinig sioc agus sneachta, báisteach agus tintreach agus bhí an tseanbhó riabhach bhocht mín marbh tráthnóna.

Riamh ó shin is iad na chéad trí lá den Aibreán laethanta na bó riabhaí agus má bhíonn siadsan go breá, is amhlaidh go raibh an Márta chomh dona agus go bhfuil a chuid aige.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Márta gágach garbh gaothach gangaideach '