Ó DHÚCHAS: Mar a fuair Dúiche Sheoigheach a ainm…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo agus an seanchaí uasal Jimmí Chearra ar shlí na fírinne tá píosa againn ó dhuine dá chine...

Ó DHÚCHAS: Mar a fuair Dúiche Sheoigheach a ainm…

Bhí fear láidir de mhuintir Fhlaithbheartaigh ina thiarna ar Baile Átha an Rí, Baile na hInse, Uachtar Ard, Dúthaigh Sheoigeach agus na bailte siar ó Ghaillimh ins an tseanaimsir. Ba fear an-saibhir é. Bhí beirt iníon aige agus chuireadh sé gach uile bhliain iad ag coláiste go Baile Átha Cliath. An bhliain seo bhí siad ag teacht abhaile ag caitheamh saoire na Nollag. An carr a raibh siad a’ teacht air tháinig daoine roimhe agus goideadh an iníon  ab óige. Ní raibh a fhios aige cé a ghoid í. Chuartaigh sé ins chuile áit í ach a dubh ná a dath ná a tuairisc ní bhfuair sé agus b’éigean dó a shúil a thógáil di.

Ins an am seo d’éirigh a chuid tionóntaí amach ina aghaidh agus ní raibh siad ag íoc an chíosa leis.

Bhí áit amháin aige nach raibh ag íoc pingin ar bith leis. B’in é Dúthaigh Sheoigeach. Aon lá amháin chuimhnigh an Tiarna Talún go mb’fhearr dó siúl ar fud a ríochta go bhfeicfeadh sé an é chomh bocht agus a bhí siad nach raibh siad ag íoc an chíosa leis. D’fheistigh sé suas é féin i gculaith bacaigh agus fuair sé mála agus chaith sé glac raigeanna [ceamacha] ann.

Bhí sé ag imeacht leis mar sin nó go dtáinig sé go Dúthaigh Sheoigeach. Casadh isteach i dteach an-deisiúil ins an oíche é agus fuair sé lóistín go maidin ann. Chaith bean an tí go maith leis agus ní mar a chaithfí le bacach ach mar a chaithfí le duine uasal. Nuair a d’éirigh an tiarna ar maidin bhreathnaigh sé timpeall agus chonaic sé teach mór geal uaidh soir. Dúirt sé leis féin go rachadh sé soir go dtí é. Nuair a tháinig sé isteach bhí bean óg ag réiteach béilí ach nuair a tháinig seisean isteach chuaigh sise sa seomra. Ba ghearr go dtáinig fear an tí isteach agus bheannaigh sé go suáilceach don tiarna agus thug sé ordú dhó a dhul siar ina pharlús go n-íosfadh sé a bhéile.

Chuaigh an tiarna siar ins an bparlús agus bhí bean óg ann roimhe agus í ag caoineadh. D’fhiafraigh an tiarna d’fhear an tí cén fáth an bhean óg a bheith ag caoineadh. Nuair a chuala sise an chaint dúirt sí: “Shíl mé nach bhfeicfinn m’athair ag iarraidh na déirce go brách.”

“Ní féidir,” a deir an tiarna, “gurb í m’iníon í a goideadh uaim tá seacht mbliana ó shin?” “M’anam gurb í,” a deir fear an tí, “agus gur mise a ghoid í ach chaith mé go maith ó shin léi.”

“Is cuma liom,” a deir an tiarna, “ós ag fear maith atá sí.”

Ní dhearna an tiarna ach an sean-éadach a bhí taobh amuigh dhá chuid éadaigh mhaith a chaitheamh dhó agus dúirt sé, “níl mise ag iarraidh na déirce fós ach seo plean a bhí agam go bhfeicfinn cén sórt daoine a bhí timpeall na háite seo. Fágfaidh mé an dúthaigh seo agat mar spré le m’iníon.”

“Cén sloinne atá ort?” a deir an tiarna. “Uí Sheoigeach,” a deir fear na hiníne.

Ansin baisteadh an t-ainm Dúthaigh Sheoigeach ar an dúthaigh sin agus tá an t-ainm sin air ariamh ó shin.

– Micheál Ó Cearra a thóg an seanchas seo óna athair Pádhraic sa Lochán Beag i gCois Fharraige i 1937/8.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Mar a fuair Dúiche Sheoigheach a ainm…'