Le linn an Chogaidh sin a bheith ar siúl do chuir báid faoi thoinn na Gearmáine a lán loingis go tóin na farraige lena ‘torpedoes’. Caitheadh a lán de bhéamaí agus crainn na long sin ar an dtráigh agus ins na gága i gCill Chaoi. Deineadh cruacha móra díobh lasmuigh de thigh na mbád agus chuirfeadh sé muileann adhmaid i gcuimhne duit féachaint ar na cruacha sin. Ar lá áirithe thagadh Captain Huncan de Ghardaí na gCóstaí agus thugadh sé na píosaí adhmaid do na daoine a fuair sa bhfarraige iad acht táille bheag (6d nó 1/=) a thabhairt don rialtas as gach píosa. “Royalty” a thugadh na hiascairí ar na bataí mar seo a deiridís: “Did you get any royalty today?”
Lá i 1918 bhí an trá i gCill Chaoi chomh bán le sneachta le cnóite a cuireadh isteach i rith na hoíche roimhe sin ó long a chuir na Gearmánaigh go tóin na farraige. Thug an taoide an lasta cnóite isteach ar an dtráigh. Bhí úlla ann freisin ach bhíodar go léir lofa leis an bhfarraige ach níor deineadh faic díobhála dos na cnóite. Eachtra an radharc é buicéid, málaí móra agus gach soitheach á líonadh ag muintir an bhaile i rith an lae ar fad. Ní raibh an 1/20 cuid de pháistí na scoile i láthair ag an scoil an lá sin. Bhí ceannaithe ó Cill Rois ann ag ceannach na gcnónna. Líonas féin sé bhuicéad díobh i ndiaidh na scoile. Ní bhíodh le déanamh ag aoinne ach suí ar a gcorraghiob agus buicéid do líonadh lena dhá láimh agus d’fhéadfadh sé 100 buicéad agus 500 buicéad do líonadh díobh bhíodar chomh flúirseach sin.
Lá eile i 1917 nó 1918 tháinig mairnéalaigh i dtír i gCill Chaoi i mbád tarrthála ó long Rúiseach a chuir bád faoi thoinn na Gearmáine go tóin na farraige 300 míle siar ó dheas ó chósta an Chláir. Tháinig bád eile dhíobh i dtír i gcontae Chorcaí cúpla lá na dhiaidh sin. Tugadh iostas agus cónaí dóibh i gCill Chaoi go ceann cúpla lá. Seanchaptaen loinge, Jonas Studdert, a thug an t-iostas dóibh. Nuair a bhíodar ag teacht i dtír is beag nár bádh i gceart iad tar éis a n-aistir fhada mar thángadar os cionn charraigeacha báite an Dogairne i gCill Chaoi agus é in a lán mhara. Bhí Swedes, Finns, agus Russians sa bhfoireann sin agus leis an bhfáilte a cuireadh rompu bhíodar go léir ar deargmheisce roimh thitim na hoíche. Is cuimhin liom go maith Captain Huncan a d’iarraidh iad a stiúradh abhaile arís istoíche lena “8 bells have gone” ach is beag an aird a thugadar air.
Bhí Sáirsint breá ard de na ‘Irish Guards’ ar a laethanta saoire anseo ina bhaile dúchais féin agus do dhíol bligeard éigin a bhata breá siúil le duine des na Rúisigh ar leathchoróin. Nuair do fuair an Sáirsint a bhata siúil ag an Rúiseach do thosnaigh an troid agus an t-imreas agus ba dheacair é do chiúnú. Sa deireadh b’éigean don bhligeard a dhíol an bata dul ar a choimeád go ceann cúpla lá mar bhí fonn a mharaithe ar an Rúiseach agus ar shaighdiúir galánta des na ‘Irish Guards’.
Is minic a chuirtí bairillí d’ola na pailme i dtír le linn an Chogaidh Mhóir agus ba mhór an t-éileamh a bhíodh orthu. Cuireadh cadás i mbeartán isteach freisin.
Éamon Ó Neachtain a bhí ina phríomhoide i Scoil Dhún Átha i gCarraig an Chabhaltaigh an Chláir a scríobh an cuntas seo.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is iomaí gaimbín a bhí le fáil as raic an Chéad Chogaidh Mhóir'