Ó DHÚCHAS: ‘Fata a chur i bhfolach’ agus ‘Fly away Jack’ –  cluichí ghasúir Chonamara 

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Roinnt de na cluichí a bhíodh ag gasúir Thír an Fhia sna 1930idí

Ó DHÚCHAS: ‘Fata a chur i bhfolach’ agus ‘Fly away Jack’ –  cluichí ghasúir Chonamara 

Púicín:- Cuirtear caipín nó hata ar shúile duine amháin agus bíonn cúigear nó seisear eile ag imeacht ar fud an urláir. An té a mbíonn an púicín air bíonn sé ag iarraidh greim a fháil ar an gcuid eile. Nuair a bheirtear ar dhuine caithfidh sé sin an púicín a chur air.

Folach Fiach:- Bíonn go leor gasúr bailithe le chéile ag déanamh folach bhíog agus abraíonn siad rann éicint le go mbeidh a fhios acu cé hé an té a bheas le cromadh agus an té a bheas le dhul i bhfolach. Ní bhíonn cead ach ag aon nduine amháin cromadh nó má bhíonn go leor ag dul i bhfolach cromann beirt uaireanta. Nuair a bhíonn siad i bhfolach téann an té a bhíonn ag cromadh á gcuartú agus má éiríonn leis greim fháil ar dhuine ní bheidh air fhéin cromadh níos mó nó go mbéarfar arís air.
Faic:- Bíonn deichniúr ar a laghad agus rang déanta acu ar an urlár agus iad ina suí síos agus duine amháin istigh i lár an ranga. Bíonn píosa crua de rópa ag na daoine a bhíonns ina suí agus bíonn siad dá chur i bhfolach faoina gcosa. Bíonn an té a bhíonn sa lár ag tóraíocht an rópa, sé sin an faic. Deireann an rang in éindí na focla seo leis an té a bíonn sa lár.
‘Scaoiligí tharaibh é, tharaibh é faic.
Iontaigh do phóca liom agus
tabhair achar mo bhuille dhom
Scaoiligí tharaibh é, tharaibh é faic.’
Buaileann siad buille ar an bhfear a bhíonns sa lár nuair a fhaigheann siad an deis. Nuair a fhaigheann seisean greim ar an bhfaic is féidir leis suí san rang agus caithfidh an té a bhfaigheann sé an faic aige a dhul sa lár agus é a thóraíocht aríst.
Fly away Jack :- Déantar an cleas seo le ceithre fhata agus dhá chaipín. Déan cearnóg leis na fataí, ceann ins gach coirnéal. Ní gá dhuit é bheith rómhór. Bíodh dhá chaipín agat freisin. Caithfidh tú é a dhéanamh i ngan fhios do na daoine eile. Bíonn an rann seo ar siúl agat: 

“Fly away Jack, an bhfeiceann tú tada a’ corraí?

Fly away Jack, an bhfeiceann tú tada a’ corraí?”

Fata a chur i bhfolach: Bíonn lán an tí istigh oíche fhada gheimhridh agus cuireann duine fata i bhfolach agus bíonn an chuid eile á thóraíocht nó go bhfaighidh siad é.

Cleasa bó dinglín an tairne [hata bó dingil]: Buachaillí de gnáth a bhíonns ag déanamh an chlis seo. Bíonn siad ag tabhairt léim i mullach a chéile agus ag rá: ‘Trí chleasa bó dinglín an tairne’.
Adharca an phocáin poc : 

“Crogaide cragaide ceann do chromaide, 

scealpóigín ladrach, ladramán ladrach, 

cá mbuailfidh mé an buille seo? 

Ar íochtar do chruite-sa 

agus cé mhéad adharc ar an bpocán poc?” 

Deireann siad é sin ar dhroim duine agus bíonn siad ag tabhairt buillí dhó nó go bhfaighidh sé amach cé mhéad méar a bheas crochta agat.

Damhsa na bhfroganna : Beidh tú ar do ghogaide agus tú ag déanamh damhsa na bhfroganna. Is corrdhuine atá in ann an damhsa sin a dhéanamh.
Cois i bpallóg [cos bhacóide]: Beidh tú i ngreim i do leathchois agus tú ag rith ar an leathchois eile. Is éasca duine a leagan agus é ag rith mar sin.

Poillín in airde : Ag seasamh ar mhullach do chinn, tugtar poillín in airde air.

Ag caitheamh truslóg : Saghas léim is ea truslóg a bíonn na daoine óga a chaitheamh ar leathchois.

Ag caitheamh cloch neart. Bíonn na fir agus na buachaillí ag caitheamh clocha neart [nirt] le go mbeidh fhios acu cé is faide a chuirfeas í.
Cleas an pháiste : Is corrdhuine atá in ann cleas an páiste a dhéanamh ach an páiste fhéin. Sé an cleas é ná ordóg do coise a cur in do bhéal agus tú do shuí ar do ghogaide.
Ag bualadh smotal. Na fir de gnáth a bhíonns ag bualadh smotal. Saghas liathróid chrua  a thugann siad an smotal air agus bíonn siad á bhualadh [smiotaíl] le camán.

Lúrabóg larabóg: Na gasúir a bhíonns ag déanamh lúrabóg larabóg de gnáth.
Bíonn slat ag duine acu agus deireann sé mar seo a leanas:
‘Lúrabóg larabóg, braogán Néill
Néill an phreabáin, preabán súileach
Súileach seicneach
Mallam tú Mallam tá
Súistín, búistín
buille beag ó phéacóg
Más é do leas do leathchois dheas

Crap isteach an fhídeog.”

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Fata a chur i bhfolach’ agus ‘Fly away Jack’ –  cluichí ghasúir Chonamara '