Ó DHÚCHAS: ‘Bhíodh na daoine maithe ag iomáint ann gach oíche…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Ní hiad foirne na Gaillimhe agus na nDéise amháin a bhíonn ag cleachtadh na hiomána ó dhubh go dubh

Ó DHÚCHAS: ‘Bhíodh na daoine maithe ag iomáint ann gach oíche…’

Tá páirc ina aice na háite seo agus deirtear go mbíodh na daoine maithe ag iomáint ann gach oíche.

Bhí fear ó Mhothar ag dul go hInis oíche amháin. Bhí sé ag marcaíocht ar chapall. Nuair a tháinig sé chomh fada leis an bpáirc sin, stad an capall agus ní rachadh sé thar an áit pé rud a dhéanfadh an fear leis.

Chuala an fear an léasadh sliotair ach ní fhaca sé aon rud. Thuig an fear ansin go raibh rud éigin ag cur scáth ar an gcapall. Chas sé timpeall ar an mbóthar agus chuaigh sé isteach i dTigh Uí Chéidigh go maidin.

Chuaigh sé go hInis an bóthar céanna ar maidin agus deamhan sos ná staonadh a dhein an capall nuair a tháinig sé chomh fada leis an áit chéanna.

Tomás de Barra

Máire de Barra

Gort Bhotha Fearna

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Bhíodh na daoine maithe ag iomáint ann gach oíche…’'