Ó DHÚCHAS: Bhí Crom Dubh an-santach agus ní ligfeadh a chroí dó fiú deoch an uisce a thabhairt d’éinne

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo agus Domhnach Chrom Dubh chugainn tá an fear féin againn…

Ó DHÚCHAS: Bhí Crom Dubh an-santach agus ní ligfeadh a chroí dó fiú deoch an uisce a thabhairt d’éinne

Do chónaigh fear thíos sa Chlochán fadó. Crom Dubh dob’ ainm dó agus saghas rí ann féin dob’ ea é. Bhí Crom ana-shantach agus ní ligfeadh a chroí dó déirc – fiú deoch an uisce a thabhairt d’éinne. Bhíodh eagla ar na sagairt féin roimis mar págánach dubh do b’ea é. Bhuail sagart an treo chuige lá agus d’iarr sé déirc ar Chrom. “Tá go maith,” arsa Crom, “tá tarbh mór thíos i nGleann Seanchoirp, is liom féin é agus dá bhféadfá teacht suas leis d’fhéadfá é a choimeád agus do rogha rud a dhéanamh leis.”.

Tarbh mór a bhí ann gan aon amhras, bhí an ceart sa méid sin aige. Ach níor theastaigh ó Chrom ach go maródh an tarbh an sagart. D’imigh an sagart leis agus níor stad sé go mbain sé amach an gleann fiáin uaigneach san. Bhí Crom Dubh ag éalú ó thor go tor laistiar den sagart ag faire air, i leith is go maródh an tarbh é láithreach. Chuaigh an sagart isteach sa ghleann agus chomh luath is a bhraith an tarbh é, siúd fé dhéin an tsagairt é – a cheann go talamh aige agus a eireaball san aer agus é a’ séideadh is ag búirigh le feirg is le drochmhianach.

Níor dhein an sagart aon ní ach cromadh agus breith ar phúróg cloiche agus nuair tháinig an t-ainmhí i ngiorracht urchair dó, chaith sé an phúróg leis. Bhuail sé i gclár an éadain é agus thit an tarbh marbh. Nuair a chonaic Crom Dubh é sin tháinig fearg ana-mhór air. Chuaigh sé suas go dtí’n sagart agus dúirt “Caithfidh tú díol as mo tharbh,” ar seisean. “Tá go maith,” arsa an sagart. “Cad a bheidh tú ag lorg air?” “A mheáchan féin d’ór,” arsa Crom Dubh. Chuir an sagart an tarbh ar scála ach má sea is amhlaidh a d’éirigh an tarbh san aer. Ní raibh aon mheáchan sa tarbh, deonú Dé.

Nuair a chonaic Crom Dubh san tháinig eagla air agus dúirt sé leis an sagart go bhféadfadh sé an tarbh do choimeád. Chuaigh an sagart abhaile ansan agus feoil na bliana aige féin agus a mhuintir ar an dtarbh ach ina dhiaidh san bhí sé chomh bocht is bhí riamh arís.

Gach aon lá théadh Crom Dubh amach sa choill ag gearradh adhmaid. Aon lá amháin agus é ag gearradh an adhmaid do labhair an guth laistiar dó agus d’fhéach sé ina thimpeall. Is amhlaidh a bhí scata d’aingil an uabhair os a chionn sa spéir. Dúirt siad leis an chéad Domhnach eile a bheadh Aifreann ann dul suas go dtí’n altóir agus nuair a bheadh an sagart ag ardú Corp Críost a fhiafraí de ‘cé hiad an dá dhream ná rachadh go Flaitheas Dé’.

Nuair a tháinig an Domhnach chuaigh Crom Dubh go dtí’n altóir agus bhí sé ag faire an tsagairt. Díreach le linn dó Corp Críost d’ardú do labhair Crom Dubh agus d’fhiafraigh sé ‘Cé hiad an dá dhream ná rachaidh go flaitheas Dé?’

“Tá’s agamsa,” arsa an sagart, “cé a chuir an cheist sin ort. An chéad lá eile a bheir sa choill tabhair leat sluasaid agus rámhainn agus cuir ar a chéile iad i bhfoirm croise. Bíodh poll mór déanta sa talamh fé bhun na croise agus sín féin isteach ann. Gheobhair an freagra.”

Dhein Crom Dubh fé mar a ordaíodh dó, agus tháinig aingil an uabhair agus d´fhiafraigh siad de Chrom Dubh cé hiad an dá dhream ná raibh aon dul ar fhlaitheas Dé acu. D’fhreagair Crom Dubh á rá ná rachadh leanbh gan bhaisteadh ná aingil an uabhair ann.

Nuair a chualadar é sin, shéideadar na crainn go léir a bhí sa choill, leagadar agus smiotadar na crainn go léir. Deir daoine gurb iadsan atá ag cur na stoirmeacha móra ar an saol seo riamh ó shin.

Cáit Ní Chinnéide, Cluain Cumhra, Lios Póil, Contae Chiarraí a fuair an seanchas seo ó Phádraig Ó Gribhthín (58), Baile na hAbha.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhí Crom Dubh an-santach agus ní ligfeadh a chroí dó fiú deoch an uisce a thabhairt d’éinne'