Ó DHÚCHAS: Bean an tSíoda i mBéal na Cruite

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Bean an tSíoda i mBéal na Cruite

Ar thrá Mhullach Dearg tá carraig agus bheirtear “Carraic na Spáinne” uirthi. Tá an trá seo ar an taobh thuaidh de na Rosa Íochtarach.
An t-am ar scaipeadh an tArmada, cailleadh cuid mhór de na longa thart ar Éirinn. Tháinig ceann acu isteach anseo agus briseadh í ar an charraig seo. Deirtear go dtáinig cuid den fhoireann i dtír agus gur chónaigh siad thart annseo. Deirtear fosta go bhfuil cuid den treabh beo anseo go fóill. Tá teaghlach amháin i Mullach Dubh – Dálaigh an sloinne atá orthu agus deirtear gur ó na daoine a tháinig i dtír ón bhád sin a shíolraigh siad. Daoine laidre atá iontu, gruaig dhubh orthu agus iad rud beag dubh sa chraiceann fosta.

Deireadh na seandaoine go raibh cuid mhór óir ar an bhád agus go bhfuil sé ina luí ann go fóill. Ar lá ciúin thiocfadh leat foirm an bháid a dhéanamh amach thíos fút.

Bhíodh siad a’ rá fosta go rabh a bhean leis an chaptaen ar bord agus go raibh taibhse na mná le feiceáil. Deirtí go rabh clóca síoda ar an sprid seo agus go dtiocfadh leat an fhuaim a dhéanadh an t-éadach nuair a bhíodh sí ag siúl a chluinstin i bhfad sula bhfeicfeá an sprid. Is iomaí duine de na seandaoine a chonaic agus a chuala í.
Bean a’ tSíoda an t-ainm a tugadh uirthi. Tá cnoc beag ar thaobh an bhealaigh mhóir ar an bhealach ó Ceann Caslach go Mullach Dubh, “Jane’s Hill” a bheirtear air. Tá sé díreach taobh istigh de thrá Mhullach Dearg, agus is ag an chnoc seo a bhíodh Bean an tSíoda le feiceáil i gcónaí. Jane Lindsay an t-ainm a bhí ar bhean an chaptaein agus sin an t-ábhar ar tugadh “Jane’s Hill” ar an chnoc seo.

Pádraig Ó Domhnaill

Faisnéiseoir: Antoin Ó Domhnaill,
65 bliain,
Béal na Cruite,
Co Dhún na nGall